Nuacht

 

Mír Nuactha Uimh.18 - Nuachlitir Uimh.9

Ba mhaith le Comhairle Contae Dhún na nGall, Oifig na nOibreacha Poiblí agus Ayesa Nuachtlitir Uimh.9 a chur in iúl don phobal.

Cliceáil ar an nasc seo a leanas chun an nuachtlitir a rochtain.  Nuachtlitir Uimh.9


 

Mír Nuactha Uimh.17 - Nuachlitir Uimh.8

Ba mhaith le Comhairle Contae Dhún na nGall, Oifig na nOibreacha Poiblí agus ByrneLooby Nuachtlitir Uimh.8 a chur in iúl don phobal.

Cliceáil ar an nasc seo a leanas chun an nuachtlitir a rochtain.  Nuachtlitir Uimh.8


 

Mír Nuactha Uimh.16 - Nuachlitir Uimh.7

Ba mhaith le Comhairle Contae Dhún na nGall, Oifig na nOibreacha Poiblí agus ByrneLooby Nuachtlitir Uimh.7 a chur in iúl don phobal.

Cliceáil ar an nasc seo a leanas chun an nuachtlitir a rochtain.  Nuachtlitir Uimh.7

 

 

 

 

 

 


 

Mír Nuactha Uimh.15 - Nuachlitir Uimh.6

Ba mhaith le Comhairle Contae Dhún na nGall, Oifig na nOibreacha Poiblí agus ByrneLooby Nuachtlitir Uimh.6 a chur in iúl don phobal.

Cliceáil ar an nasc seo a leanas chun an nuachtlitir a rochtain.  Nuachtlitir Uimh.6

 

 

 

 

 

 


 

Mír Nuactha Uimh.14 - Uasdátú Déanaí Nollaig 2022

Thosaigh an Conraitheoir do na Réamh-Fhiosruithe Talún ag claífort Bhaile Féich ag obair i Samhain 2022. Tá an obair sin ar siúl faoi láthair, agus beidh na torthaí fíorthábhachtach maidir le héifeacht an chlaífoirt a dhéanamh amach i dtaca leis an riosca tuilte sa bhaile féin.

Reáchtáladh ceardlann theicniúil hiodrálaice ar an 30 Samhain 2022 chun plé a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí samhlaithe hiodrálaice do Bhaile Féich agus Srath an Urláir. Bhí baill den ghrúpa stiúrtha i láthair ag an cheardlann.

Tá na sainsuirbhéanna comhshaoil tríú páirtí fós ar siúl. Tá na suirbhéanna a leanas críochnaithe cheana;  

  • Suirbhéanna Éiceolaíochta Uisce
  •  Suirbhéanna Ialtóg
  • Suirbhéanna Crann.

 

 

 

 

 


 


 

Mír Nuactha Uimh.13 - Nuachlitir Uimh.5

Ba mhaith le Comhairle Contae Dhún na nGall, Oifig na nOibreacha Poiblí agus ByrneLooby Nuachtlitir Uimh.5 a chur in iúl don phobal.

Cliceáil ar an nasc seo a leanas chun an nuachtlitir a rochtain.  Nuachtlitir Uimh.5

 

 

 

 

 

 


 

Mír Nuactha Uimh.12 - Uasdátú Lúnasa 2022

Tá tús curtha leis na sainsuirbhéanna timpeallachta tríú páirtí – lena n-áirítear Suirbhéanna Éiceolaíochta Uisce agus Suirbhéanna Ialtóg.

Tá críoch curtha ag Comhairle Contae Dhún na nGall le ceapachán an Chonraitheora don Chóireáil ar Speicis Ionraitheacha. Tá an chóireáil críochnaithe don Bhalsam Himiléach agus tá an chóireáil don ghlúineach bhiorach le cur chun cinn i mí Mheán Fómhair 2022.  

Tá an Conraitheoir ceaptha do na Réamh-Fhiosruithe Talún ag claífort Bhaile Féich Tá an obair sin dlite tosú i Meán Fómhair 2022. Le linn an ama seo, bíodh an pobal ar an eolas go mbeidh srian sealadach le rochtain ar chosán chlaífort Bhaile Féich.

Tá mionsamhlú hiodrálach ar siúl go leanúnach ar Abhainn na Finne agus a cuid fo-aibhneacha.

 

 

 

 

 


 

Mír Nuactha Uimh.11 - Nuachlitir Uimh.4

Ba mhaith le Comhairle Contae Dhún na nGall, Oifig na nOibreacha Poiblí agus ByrneLooby Nuachtlitir Uimh.4 a chur in iúl don phobal.

Cliceáil ar an nasc seo a leanas chun an nuachtlitir a rochtain. 

 

 

 

 

 

 


 

Mír Nuachta Uimh. 10 - Uasdátú Bealtaine 2022

I gcomhar le Comhairle Contae Dhún na nGall, cheap an fhoireann tionscadail na speisialtóirí tríú páirtí uilig leis na sainsuirbhéanna riachtanacha a dhéanamh.

Tá samhaltú hiodrálach den Fhinn agus dá fo-aibhneacha ar siúl ar fad. 

Tá na doiciméid tairisceana d’obair iniúchadh na láithreán i mBealach Féich réidh agus fógrófar ar eTenders i Mí Meithimh iad.   

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag comhlánú cheapadh an Chonraitheora a roghnaíodh le Cóireáil Speicis Ionracha a dhéanamh.    

Tá dréachtléarscáileanna de laghdú rith tuilte réidh anois le bearta féideartha coinneáil uisce nádúrtha a mheas.  

 

 

 


 

Mír Nuactha Uimh.9 - Uasdátú Aibréan 2022

Tá Tuairisc Hidreolaíochta á críochnú faoi láthair le haiseolas ón Ghrúpa Stiúrtha.

Críochnaíodh suirbhé LiDAR do Bhealach Féich-Srath An Urláir. Tá obair sheiceála déanta ar fhiúntas an eolais a bailíodh agus tá tús curtha ar a chur le samhail hiodrálach le samhail 2T a thógáil.

I gcomhar le Comhairle Contae Dhún na nGall, tá obair ar siúl faoi láthair ag an fhoireann tionscadail le saineolaithe timpeallachta tríú páirtí a cheapadh le suirbhéanna sna réimsí seo thíos a dhéanamh:

  • Caighdeán an Aeir
  • Éiceolaíocht Uisceach
  • Tírdhreach agus Gnéithe Infheicthe 
  • Éin Gheimhrithe
  • Callán agus Creathadh
  • Seandálaíocht agus Oidhreacht Chultúrtha

Bhí na doiciméid tairisceana don déileáil le speicis ionracha ar supplygov.ie don soláthar. Tá an conraitheoir a roghnófar le ceapadh ag Comhairle Contae Dhún na nGall i mí na Bealtaine 2022.

Ullmhaíodh doiciméid tairisceana don obair iniúchta ar an suíomh le claífoirt Bhealach Féich a mheas. Táthar ag súil go gceapfar an Conraitheoir a roghnófar i Meitheamh 2022.   

Tá tús curtha le léarscáiliú ar luacháil beartas féideartha le huisce nádúrtha a ghabháil.

 

 


 

Mír Nuactha Uimh.8 - Nuachlitir Uimh.3

Ba mhaith le Comhairle Contae Dhún na nGall, Oifig na nOibreacha Poiblí agus ByrneLooby Nuachtlitir Uimh.3 a chur in iúl don phobal.

Cliceáil ar an nasc seo a leanas chun an nuachtlitir a rochtain.  Márta 2022

 

 

 


 

Mír Nuactha Uimh.7 - Uasdátú Eanáir 2022

I Mí Eanáir críochnaíodh suirbhé Amelio Group ar thóchair agus ar phríomhdhraenáil i mBaile Féich-Srath an Urlár, Co. Dhún na nGall. Fuarthas sonraí an tsuirbhé agus tá siad faoi bhráid fhoireann an tionscadail san am i láthair. Beidh áit lárnach ag na sonraí seo i ngníomhaíochtaí hiodrálacha múnlaithe atá ar siúl faoi láthair a thabhairt chun tosaigh.

Tá gach suirbhé innealtóireachta curtha i gcrích ag an phointe seo seachas suirbhé Lidar a dhéanfar nuair a bheidh aimsir fóirsteanach ann.

Críochnófar an tuairisc dheiridh ar staidéar ar shrianta timpeallachta i Mí Feabhra. Sainaithneofar sa tuairisc seo príomhchúrsaí timpeallachta a bhaineann le Scéim Faoisimh Thuilte i mBealach Féich-Srath an Urláir. 

Cuireadh críoch le plean gnímh do speicis ionracha ar chríochnú suirbhé speicis ionracha. Cuirfear in áit conradh le déileáil le speicis ionracha do 2022 le leanúint leis an déileáil a bhí ann in 2021.  

Tá cáipéisíocht thairisceana á hullmhú don iniúchadh ar shuíomhanna oibre do chlaífort Bhealach Féich-Shrath an Urláir. 

 

 


 

Mír Nuactha Uimh.6 - Nuachtlitir Nollaig 2021

Ba mhaith le Comhairle Contae Dhún na nGall, Oifig na nOibreacha Poiblí agus ByrneLooby Nuachtlitir Uimh.2 a chur in iúl don phobal.

Cliceáil ar an nasc seo a leanas chun an nuachtlitir a rochtain.  Nollag 2021

 

 

 

 

 


 

Mír Nuactha Uimh. 5 - Uasdátú Samhain 2021

Bhí deireadh le hImeacht Oscailte Comhairliúcháin Poiblí do Bhealach Féich agus Srath an Urláir ar 22 Deireadh Fómhair 2021.   

Ba mhaith le Comhairle Contae Dhún na nGall, OPW, agus ByrneLooby-Arcadis buíochas ó chroí a ghabháil leis an phobal as a n-ionchur sa chomhairliúchán phoiblí a chuideoidh go mór le forbairt na scéime.  

Críochnaíodh suirbhé topagrafach ag Murphy Geospatial i mBealach Féich-Srath an Urláir, Co. Dhún na nGall.

Rinneadh suirbhé staid na sócmhainní cosanta ar chosaintí tuilte reatha i mBealach Féich agus Srath an Urláir m.sh., claífoirt. Áirítear anseo cosaintí foirmiúla agus neamhfhoirmiúla araon.

Chuir Amelio tús le suirbhé ar thóchair agus draenacha móra i Mí na Samhna agus táthar ag dúil leis sin a bheith réidh roimh dheireadh na míosa.   

Tá plean ann go ndéanfar suirbhé LiDAR ón aer nuair a bheidh aimsir fóirsteanach ann.  

 

 


 

Mír Nuactha Uimh. 4 - Uasdátú Mean Fomháir 2021

Chuaigh an scéim seo ar aghaidh gan deacrachtaí le linn Mheán Fómhair 2021 agus leanadh den obair shuirbhé i mBealach Féich-Srath an Urláir, Co. Dhún na nGall.

Rinne Murphy Geospatial ceapachán le suirbhé topafrafach a dhéanamh ar a n-áirítear suirbhé ar thairseach réadmhaoine, cainéil, agus suirbhéanna struchtúr. Lena linn seo, iarrtar ar an phobal cuidiú leis an soláthraí seirbhisí ainmnithe trí bhealach isteach a cheadú do lucht suirbhé. Tá an obair shuirbhé de dhíth ar an tsamhail hiodrálach d’Abhainn na Finne agus a fo-aibhneacha.

Lena chois sin, bhí éiceolaithe ByrneLooby i mBealach Féich agus i Srath an Urláir ag deireadh Mheán Fómhair 2021 le suirbhé a dhéanamh ar ghnáthóga agus ar chiseacha do speicis agus suirbhé ar speicis ionracha i gceantar na scéime a dhéanamh.

Cuirfear tús le suirbhé ar thóchair agus ar dhraenacha i Mí Dheireadh Fómhair. Tá plean ann suirbhé LIDAR ón aer a dhéanamh nuair a bheidh aimsir fóirsteanach ann.

 

 


 

Mír Nuachta Uimh. 3 - Nuachlitir Meán Fomhair 2021

Ba mhaith le Comhairle Contae Dhún na nGall, Oifig na nOibreacha Poiblí agus ByrneLooby Nuachtlitir Uimh.1 a chur in iúl don phobal. Cliceáil ar an nasc seo a leanas chun an nuachtlitir a rochtain.  Meán Fómhair 2021

 

 

 

 

 


 

Mír Nuachta Uimh. 2 - Tús curtha le hOibreacha Suirbhé Topagrafacha

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall agus Oifig na nOibreacha Poiblí ag cur Scéim Fóirithinte Tuilte Bhaile Féich – Srath an Urláir chun cinn. Tá measúnú mionsonraithe faoin riosca tuilte sa bhaile ar siúl, bunaithe ar chásanna reatha agus san aimsir romhainn amach. Tá gá anois le suirbhéanna cúrsaí uisce, tailte atá buailte leo agus tairseacha réadmhaoine na n-áitreabh cónaí agus tráchtála. Aimseoidh na hoibreacha seo na sonraí is gá le mionsamhail ríomhaireachta cothrom le dáta a thógáil do Cheantar na Scéime. Déanfar samhlú mion ar chásanna sreabhaidh le leithead agus domhnaíocht tuilte a dhéanamh amach go cruinn. Sainaithneoidh torthaí na samhlach réadmhaoin atá i mbaol ó thuile agus cuirfidh eolas ar fáil le haghaidh bearta cosanta tuilte a dhearadh. Beidh gach uile bheart faoi réir ag measúnú dian timpeallachta.

 

Déanfaidh Murphy Geospatial taifead ar leibhéil ag an chuid is ísle den réadmhaoin, a d’fhéadfadh bheith i mbaol tuile, mar atá an tairseach. Is iondúil gurb é an doras tosaigh atá i gceist agus is féidir a thaifead ón bhealach mhór. Mar sin féin, i gcásanna áirithe, má tá an chuid is ísle den réadmhaoin ar a cúl, nó má tá garáiste nó an dara foirgneamh ar an réadmhaoin, ní mór leibhéal tairsí breise a thaifead nach bhféadfaí a dhéanamh amach ón bhealach mhór. Sna cásanna seo d’fhéadfadh go mbeadh ar an lucht suirbhé dul isteach sa réadmhaoin chun an leibhéal a thaifead. Ní mór go mbeadh níos mó ná 15 bhomaite i gceist don suirbhé. Tá suirbhéanna éiceolaíochta ar leanúint chomh maith sa cheantar sna seachtainí romhainn.

 

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall i ndiaidh gach uile ráiteas riachtanach sláinte, sábháilteachta agus bithshlándála ón lucht suirbhé a léiríonn a gcuid prótacal agus nósanna imeachta, go háirithe maidir le Covid 19. Beidh lipéid aitheantais ag gach duine den lucht déanta suirbhé.

 

 


 

Mír Nuactha Uimh. 1 - Príomh-Chomhairliúchán a cheapadh ar ByrneLooby

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall, i gcomhpháirt le hOifig na nOibreacha Poiblí, i ndiaidh Byrne Looby Water Services Partners a cheapadh chun tabhairt faoi sheirbhísí um chomhairleoireacht innealtóireachta agus chomhshaoil a dhéanamh le haghaidh trí scéim faoisimh tuilte i mBealach Féich-Srath an Urláir, Bun Cranncha-Lodán agus do Ráth Mealtain. 

 

 

 

 

OPW's National Flood Information Portal - www.Floodinfo.ie