Scéim Fóirthinte Tuilte Bhealach Féich agus Srath an Urláir

 

 

An Scéal is Déanaí

Mír Nuactha Uimh.14 - Uasdátú Déanaí Nollaig 2022
Mír Nuactha Uimh.15 - Nuachtlitir Feabhra 2023
Mír Nuactha Uimh.16 - Nuachlitir Uimh.7
Mír Nuactha Uimh.17 - Nuachlitir Uimh.8
Mír Nuactha Uimh.18 - Nuachlitir Uimh.9

 

Leathanach Baile

Tá na bailte stairiúla Bealach Féich - Srath an Urláir suite os comhair a chéile ar dhá bhruach na Finne i nGleann na Finne, Co Dhún na nGall. Is mór an tóir a bhíonn ar na bailte i dtaca le turasóireacht agus le fóillíocht de agus tá clú orthu as na háiseanna siopadóireachta atá iontu. Is i Srath an Urláir atá acomhal Bhóithre Náisiúnta N13 agus N15 agus téann an N15 ar dhroichead 5 áirse thar abhainn na Finne isteach go Bealach Féich.

Is i Loch Finne a éiríonn an Fhinn agus soir léi ansin go dtagann sí isteach leis an Mhoirn i Leifear. Téann sruth Daurnett trí Bhaile Féich agus tagann isteach leis an Fhinn gar do Pháirc na Finne thíos faoi Bhóthar Neamhnaí. Is Limistéar Speisialta Caomhnaithe í Abhainn na Finne agus tá cosaint ar an bhradán agus ar an dobharchú inti.

Chun dul i ngleic le saincheisteanna na dtuilte ar fud na tíre, choimisiúnaigh Oifig na nOibreacha Poiblí (OOP) staidéir ar fud na tíre maidir le Bainistiú Abhantrach agus Riosca Tuilte (CFRAM). Cuireadh staidéar CFRAM don Iar-Thuaisceart – Loch nEachach – Banna i gcrích le tacaíocht Chomhairle Contae Dhún na nGall. Mar thoradh ar an staidéar sainaithníodh limistéir i mbaol tuilte, lena n-áirítear Bealach Féich agus Srath an Urláir, agus tionchair bhainteacha na dtuilte. Leagadh amach sa phlean na bearta agus na beartais a bheadh le cur i bhfeidhm chun an bainistiú is éifeachtúla agus is inbhuanaithe ar an riosca tuilte a bhaint amach.

Tá stair ann maidir le tuilte abhann agus fearthainne i mBealach Féich agus Srath an Urláir agus is i mí Lúnasa 2017 agus i mí Lúnasa 2019 a tharla na teagmhais is déanaí.

Mar chuid de Phlean Forbartha Náisiúnta 2018-2027 an Rialtais, tá gealltanas €1 billiún tugtha maidir le bearta don fhóirithint tuilte. Mar chuid den ghealltanas seo, bunaíodh grúpa stiúrtha idir Oifig na nOibreacha Poiblí (OOP) agus Comhairle Contae Dhún na nGall chun scéim fóirithinte tuilte a chur chun cinn chun an baol tuilte a mhaolú i mBealach Féich – Srath an Urláir. In Earrach 2021, ceapadh Ayesa ina gComhairleoirí Innealtóireachta agus Comhshaoil chun forbairt a dhéanamh ar scéim a bheidh inghlactha ó thaobh na teicneolaíochta, an phobail, an chomhshaoil agus an gheilleagair de, chun an baol tuilte a mhaolú do phobail Bhealach Féich agus Shrath an Urláir.

Déanfaidh Ayesa sainaithint ar bhearta oiriúnacha don mhaolú tuilte do Bhealach Féich agus Shrath an Urláir agus réiteoidh siad dearadh, cáipéisí agus léaráidí mionsonraithe chun éascaíocht a dhéanamh d’iarratas pleanála de réir an Achta um Pleanáil agus Forbairt (2000), na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt (2001) agus Tuarascáil faoi Mheasúnacht Tionchair Timpeallachta, nuair is gá sin faoin reachtaíocht ábhartha.

 

Benefits of Scheme

 

 

 

OPW's National Flood Information Portal - www.Floodinfo.ie