Ceisteanna Coitianta (FAQ)

 

Cad é mar a fuair an scéim seo maoiniú? 

An OOP atá ag maoiniú na scéime. Mar chuid de Phlean Forbartha Náisiúnta 2018-2027 an Rialtais, gealladh chóir a bheith €1 billiún le haghaidh infheistíochta i mbeartais fóirithinte tuilte ar fud na tíre.

Cad chuige a bhfuil an scéim ann? 

Cuirfidh an scéim feabhas ar chaighdeán an chosanta tuilte i mBealach Féich agus Srath an Urláir chun cosaint a thabhairt ar an Dóchúlacht 1% in aghaidh na bliana (1 uair gach 100 bliain) go mbeidh teagmhas tuilte abhann ann.

An gcuirfear an scéim i bhfeidhm le comhbhá don Ríocht Phoiblí? 

Tá breithniú á dhéanamh faoin chomhbhá leis an Ríocht Phoiblí le linn gach céim den tionscadal. An uair is féidir, beidh claífoirt féir ann sa ríocht phoiblí, seachas múir chrua chosanta.

An mbeidh baol tuilte níos mó ann in áiteanna eile i ngeall ar an scéim? 

Ní bheidh, óir déanfar breithniú faoi leith air seo sa dearadh. Déanfar breithniú ar na tionchair ar Bhealach Féich agus Srath an Urláir agus an ceantar máguaird, seachas díriú ar na háiteanna a raibh tuile ann cheana, chun a chinntiú nach mbeidh baol breise tuilte ann sna tailte máguaird i ngeall ar oibreacha a dhéanfar mar chuid den scéim seo.

An bhfuil mise i mbaol maidir le tuilte? 

Is féidir amharc ar na léarscáileanna tuilte ar shuíomh gréasáin CFRAM an OOP chun réim na dtuilte a fheiceáil do Bhealach Féich agus Srath an Urláir agus do bhailte eile taobh istigh de réimse staidéir CFRAM  http://www.floodinfo.ie/.

Cén tionchar a bheidh aige seo ar an timpeallacht áitiúil? 

Tá cúrsaí timpeallachta an-tábhachtach le haghaidh fhorbairt FRS Bhealach Féich agus Srath an Urláir, agus tá comhairleoirí timpeallachta ar na baill is tábhachtaí de ghrúpa stiúrtha an tionscadail.

Cad é mar a thig liom níos mó a fháil amach faoin tionscadal? 

Beidh na scéalta is déanaí ar an suíomh seo i rith ama le nuacht agus mionsonraí faoi imeachtaí comhairliúcháin phoiblí a bheidh ar siúl. Is féidir leat chomh maith úsáid a bhaint as an leathanach ‘Déan Teagmháil Linn’ le ceist a chur nó le haiseolas a chur ar fáil nó le clárú le go gcuirfear ríomhphost chugat leis na scéalta is déanaí faoin tionscadal.

Cá bhfuil cuidiú ar fáil? 

Tugann an OPW comhairle do dhaoine a bhfuil a réadmhaoin agus a ngnólachtaí i mbaol tuilte. Le haghaidh tuilleadh eolais, agus le cuidiú leat ullmhúchán a dhéanamh, cliceáil anseo (link to https://www.opw.ie/en/floodriskmanagement/)

 

Déanfar nuashonrú ar an roinn seo i ndiaidh athbhreithniú ar an aiseolas ón Chomhairliúchán Phoiblí.

 

 

 

OPW's National Flood Information Portal - www.Floodinfo.ie