Eolas faoin Tionscadal

 

Cad atá déanta againn roimhe seo?

Choimisiúnaigh agus chríochnaigh an OOP, agus í ag obair i gcomhpháirtíocht le Comhairle Cathrach na Gaillimhe (CCG) agus le hÚdaráis Áitiúla eile, Staidéar Measúnaithe agus Bainistíochta Riosca i gCás Tuilte Dobharcheantair (CFRAM) an Iarthair.
Ba iad cuspóirí an Staidéir CFRAM:

  • An ghuais tuile atá ann agus a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo laistigh den limistéar staidéir CFRAM a shainaithint agus a mhapáil
  • An riosca tuile atá ann agus a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo laistigh de limistéar staidéir CFRAM a mheas agus a mhapáil
  • Roghanna agus bearta inmharthana struchtúrtha agus neamhstruchtúrtha a aithint chun riosca tuile a bhainistiú go héifeachtach agus go hinbhuanaithe sna Limistéir ina bhfuil Tuilleadh Measúnaithe ag teastáil ina leith (LMBanna) agus laistigh den Limistéar Staidéar CFRAM ina iomláine
  • Sraith Pleananna Bainistíochta Riosca Tuile (PBRTanna) don Limistéar Staidéar CFRAM a ullmhú, chomh maith le Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta lena mbaineann agus Measúnacht Chuí na Treorach um Ghnáthóga, de réir mar is gá, ina leagtar amach na beartais, straitéisí, bearta agus gníomhartha ar cheart do na comhlachtaí ábhartha a leanúint, lena n-áirítear OOP, Údaráis Áitiúla agus Páirtithe Leasmhara eile, chun an bainistíocht is éifeachtúla ó thaobh costais de agus is inbhuanaithe ar an riosca tuile reatha agus ar an riosca tuile a fhéadfaidh a bheith ann amach anseo sa Limistéar Staidéir a bhaint amach, agus mar chuid de sin, pleananna, cuspóirí agus riachtanais reachtaíochta agus pleananna agus riachtanais reachtúla eile a chur san áireamh.

Áiríodh Cathair na Gaillimhe i Limistéar Staidéar CFRAM an Iarthair mar Limistéar um Measúnú Breise (LMB) agus cinneadh go mbeadh scéim faoisimh tuilte inmharthana agus go mbeadh éifeacht ag baint leis ar mhaithe leis an bpobal. Féadtar achoimre a dhéanamh ar rogha na Scéime inmharthana do Chathair na Gaillimhe, mar a shainaithnítear í ar leibhéal measúnaithe CFRAM:

  • “Is réiteach srianta tuile le haghaidh cosaint ar thuilte iad oibreacha faoisimh tuile a d’fhéadfadh a bheith inmharthana”
  • Mar a dhéantar cur síos air sa CFRAM, is éard a bheadh i gceist leis sin oibreacha cosanta ar thuilte a shuiteáil chun cosaint a dhéanamh ar thuile i gcás imeacht Dóchúlacht Bhliantúil Sáraithe (DBS) 1% agus i gcás imeacht DBS 0.5%. Ar chúiseanna sláinte agus sábháilteachta, beidh íosairde na mballaí a mholtar 1.2m ar airde. Áirítear leis sin lamháltas saorbhoird de 0.3 méadar agus cuireann sé cosaint ar fáil freisin ar an gcás reatha DBS 0.1% agus, in aon áit ar bith, ar an gCás Meánraoin DBS don Todhchaí 0.5%. Cuimsítear sa Rogha a chuirtear i láthair i CFRAMS an Iarthair oibreacha cosanta ar thuile a shíneadh na dugaí feadh An Balla Fada, An Póirse Caoch, ceantair an Chladaigh, Bóthar Grattan agus Bóthar an Athar Uí Ghríofa.  Áireofaí sna hoibreacha a ndéantar cur síos orthu freisin oibreacha cosanta ar thuilte feadh Bháisín an Chladaigh agus Ché Nimmo agus tabharfar le chéile sa ríocht phoiblí iad ar Bhóthar na gCeannaithe an agus ag an bPóirse Caoch.
  • Tá oibreacha cosanta ar thuilte le soláthar freisin ar an gcuid íochtarach de Chanáil Eglington taobh thiar de Shráid Dhoiminic agus cuimseofar cosaintí ar líne theorann réadmhaoine feadh Ardán na bhFiach agus ar Bhóthar na Trá Uachtarach agus Íochtarach. 

Is é cuspóir an tionscadail Coirib go Cósta ná Scéim um Fhaoiseamh Tuile a dhearadh agus a chur isteach (le haghaidh cead pleanála) atá inghlactha ó thaobh cúrsaí teicniúla, sóisialta, comhshaoil, cuma agus geilleagair de, chun an riosca tuile atá roimh Phobal Chathair na Gaillimhe a mhaolú chun go mbeidh an riosca sin ar Chaighdeán Cosanta réamhshocraithe agus tógáil na Scéime ina dhiaidh sin. 
Tá gach tuarascáil Staidéar CFRAM ábhartha ar fáil, mar eolas, ar an mír foilseachán ar www.floodinfo.ie  (https://www.floodinfo.ie/publications/?)

 

Project Timeframe

Clár an tionscadail á athbhreithniú faoi láthair - Clár athbhreithnithe ar fáil Eanáir 2024

 

 

 

Céim 1 - Measúnú roghanna, Forbairt agus Dearadh Scéime  

  •  Athbhreithniú agus measúnú ar an anailís theicniúil agus na réamhbhearta a sainaithníodh i dTuarascálacha Staidéir CFRAM an Iarthair agus sa FRMP don Aonad Bainistíochta 30
  •  Samhaltú hidreolaíochta agus hiodrálach agus mapáil athbhreithnithe a chur le chéile
  • Suirbhéanna a sholáthar (topagrafach, bataiméadrach, comhshaoil, draenáil, CCTV, fóntais srl.)
  • Staidéar Sriantachtaí a dhéanamh chun na príomhcheisteanna comhshaoil i limistéar an staidéir a aithint, ceisteanna a bhféadfadh tionchar a bheith ag bearta féideartha maolaithe tuile orthu, agus/nó a d'fhéadfadh srian a chur le hinmharthanacht agus/nó dearadh aon bhirt nó aon bheart
  • Measúnú ar roghanna féideartha bainistíochta riosca tuile, lena n-áirítear measúnuithe teicniúla, comhshaoil, ailtireachta agus eacnamaíochta, agus trí shamhaltú mionsonraithe hiodrálach
  • Measúnú costais is tairbhe ar roghanna na scéime
  • Measúnú agus forbairt na scéime roghnaithe
  • Plean Oiriúnaithe um Athrú Aeráide a chur le chéile
  • Réamhphlean Bainistíochta Comhshaoil um Thógáil (CEMP) a chur le chéile
  • Réamhthuarascáil maidir le cé chomh héasca is a bheadh sé a thógáil agus maidir le hObriú/Cothabháil a chur le chéile
  • Comhairliúchán poiblí, lena n-áirítear Laethanta Rannpháirtíochta Poiblí, comhairliúchán le páirtithe leasmhara, cur i láthair scoile, cur i láthair do bhaill tofa, nuachtlitreacha srl. 

Céim 2 - Toiliú Pleanála/Forbartha agus Dearadh

  • Ullmhú de Ráiteas Tionchair Natura tosaigh agus Scagadh Tuarascálacha ar Mheasúnacht Tionchair Timpeallachta
  • Ráiteas Tionchair Natura (NIS) agus Tuarascáil ar Mheasúnacht Tionchair Timpeallachta (TMTT) a chur le chéile, más gá, ina n-ionchorpraítear Measúnacht Tionchair Éiceolaíoch/Bithéagsúlachta de réir mar is gá
  • Gach doiciméad riachtanach a sholáthar chun an scéim a chur ar aghaidh trí na próisis phleanála agus reachtúla riachtanacha eile
  • An scéim maidir le toiliú pleanála a chur isteach
  • Taispeántas poiblí agus tréimhse don tíolacadh
  • Aguisíní a sholáthar do na Measúnuithe Comhshaoil mar thoradh ar thorthaí / choinníollacha an phróisis phleanála
  • Iarratas ar thoiliú urthrá agus ceadúnais seandálaíochta a ullmhú agus a chur isteach de réir mar is gá

Céim 3 - Dearadh Mionsonraithe Tógála agus Próiseas Tairisceana

  • Dearadh mionsonraithe tógála na Scéime a dhéanamh agus a chur i gcrích
  • Aguisíní leis na measúnuithe comhshaoil a rinneadh mar chuid de Chéim I a nuashonrú nó a chur ar fáil, agus aon mheasúnú comhshaoil, toiliú nó suirbhé eile a dhéanamh
  • Plean Forbartha Bainistíochta Comhshaoil um Thógáil (CEMP) a chur le chéile
  • Tuarascáil Forbartha maidir le cé chomh héasca is a bheadh sé a thógáil agus maidir le hObriú/Cothabháil a chur le chéile
  • Doiciméid Conartha Tógála a ullmhú agus tabhairt faoin bpróiseas tairisceana le haghaidh conraitheoir oibreacha a thógfaidh an scéim

Céim 4 – Tógáil

Céim 5 – Aistriú Oibreacha


 

An bpost: Corporate House, City East Business Park, Ballybrit, Galway H91 K5YD

Bhfón: 091 894700

Ríomhphost: coiribgocosta@arup.com

Copyright 2020, All rights reserved

Privacy Statement

 

 

OPW's National Flood Information Portal - www.Floodinfo.ie