Réamhrá

Choimisiúnaigh agus chríochnaigh an OOP, agus í ag obair i gcomhpháirtíocht le Comhairle Cathrach na Gaillimhe (CCG) agus Údaráis Áitiúla eile, Staidéar Measúnaithe agus Bainistíochta Riosca i gCás Tuilte Dobharcheantair (CFRAM) an Iarthair.  Cuireadh Cathair na Gaillimhe san áireamh i Limistéar Staidéar CFRAM an Iarthair mar Limistéar um Measúnú Breise (LMB) agus cinneadh go mbeadh scéim faoisimh tuile inmharthana agus go mbeadh éifeacht ag baint leis ar mhaithe leis an bpobal. Ina dhiaidh sin, cheap Comhairle Cathrach na Gaillimhe Arup chun Coirib go Cósta - Scéim Faoisimh Tuilte Chathair na Gaillimhe a sheachadadh

Forbraíodh ainm an tionscadail, Coirib go Cósta - Scéim Faoisimh Tuilte Chathair na Gaillimhe, chun tuiscint féiniúlacht agus áite a thabhairt don tionscadal seo. Sa teideal agus sa lógó (mar atá le feiceáil ag barr an leathanaigh seo) aithnítear an nasc leis an abhainn agus leis an bhfarraige atá mar chuid de chreatlach Chathair na Gaillimhe. Cuimsítear sa lógó freisin íomhánna d’Ard-Eaglais na Gaillimhe agus Húicéir na Gaillimhe lena chinntiú go mbíonn carachtar uathúil na cathrach lárnach sa tionscadal seo agus go ndéanfar é a chosaint agus a chur chun cinn go hiomlán.

Tá sé mar aidhm ag  Coirib go Cósta  scéim faoisimh tuilte a bheidh inmharthana, éifeachtach ó thaobh costais de agus inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a mheas, a dhearadh agus a sheachadadh do chathair na Gaillimhe. Cinnteoidh Coirib go Cósta, cé go bhfuil sé dírithe go príomha ar aghaidh a thabhairt ar bhainistíocht inbhuanaithe agus éifeachtach riosca tuile, go dtabharfar aird ar charachtar uathúil chathair na Gaillimhe nuair a dhearfar aon bhearta, bearta struchtúracha go háirithe. Cuimseofar sna hoibreacha uile réitigh chruthaitheacha tírdhreacha agus ailtireachta, ar féidir leo, chomh maith le haghaidh a thabhairt ar bhainistíocht riosca tuilte, an tírdhreach uirbeach agus taitneamhacht na ríochta poiblí a fheabhsú agus ag an am céanna comhtháthú le tionscadail eile a bhfuil dul chun cinn á dhéanamh orthu.

Cuireadh an suíomh gréasáin seo ar bun chun faisnéis a sholáthar do shaoránaigh agus chun tú a choinneáil ar an eolas faoi dhul chun cinn an tionscadail.

 

 

 

 

 

 

 

An Nuacht Is Déanaí

Nuacht uimh. 3 - níos mó

Achoimre Feidhmiúcháin - níos mó

La Rannpháirtíochta Poiblí Uimh. 1 - níos mó

Nuacht uimh. 2 - níos mó

Lá Rannpháirtíocht an Phobail uimh. 1 - Nuacht uimh. 1

Tréimhse ama - níos mó

 


 

An bpost: Corporate House, City East Business Park, Ballybrit, Galway H91 K5YD

Bhfón: 091 894700

Ríomhphost: coiribgocosta@arup.com

Copyright 2020, All rights reserved

Privacy Statement

 

 

OPW's National Flood Information Portal - www.Floodinfo.ie