Gluais
Téarma
Sainmhíniú
Abhann
Ag baint le habhainn.
Abhantrach
An limistéar talún (dobharcheantar) a dhraenálann chuig pointe ar leith in inbhear nó réimse imeallbhoird.
An Chreat-treoir Uisce nó CTU
Is í aidhm na Creat-Treorach Uisce [2000/60/EC] uiscí dhromchla, trasdultacha, cósta agus screamhacha a chosaint, an comhshaol uisceach a chosaint agus a fheabhsú agus úsáid inbhuanaithe acmhainní uisce a chur chun cinn.
An Treoir maidir le Tuilte
Is é an Treoir maidir le 'Tuilte' de chuid an AE [2007/60/CE] an Treoir a tháinig i bhfeidhm i Samhain 2007 lenar éilíodh ar Bhallstáit tabhairt faoi Réamh-Mheasúnacht ar Riosca Tuile (RMRT) chun Limistéir a bhfuil Tuilleadh Measúnaithe ag teastáil ina leith (LMBanna) a ithint agus ansin léarscáileanna tuile agus Pleananna a ullmhú do na limistéir sin.
An Treoir um Ghnáthóga
Tá sé mar aidhm ag an Treoir um Ghnáthóga [92/43/CEE] bithéagsúlacht a chinntiú trí chosaint a chur ar fáil do speicis agus cineálacha gnáthóga ainmhithe agus plandaí a bhfuil tábhacht Eorpach ag baint leo.
Aonad Bainistíochta nó AB
Ceantar talún a roinntear de réir hidreolaíochta chun críocha na Treorach maidir le Tuilte. Ullmhaíodh PBRT amháin le haghaidh gach Aonaid Bainistíochta, dá ndéantar tagairt mar Abhantrach taobh istigh den Phlean.
Bá
Focal eile ar thuile (féach ‘Tuile’)
Báistiúil
Baineann sé seo le báisteach, agus úsáidtear go minic é i gcomhthéacs tuilte báistiúla, i.e. tuilte a tharlaíonn mar gheall ar bháisteach trom (seachas aibhneacha ag cur thar bruach).
Beart
Is sraith oibreacha, idir oibreacha struchtúracha agus/nó neamhstruchtúracha, é beart (nuair a úsáidtear é i gcomhthéacs beart bainistíochta riosca tuile) a bhfuil sé mar aidhm aici riosca tuile a laghdú nó a bhainistiú.
Borradh
Ardleibhéil farraige mar gheall ar dhálaí meitéareolaíochta, cosúil le brú íseal nó gaoth láidir, murab ionann is gnáth-thimthriallacha taoide.
Bruachánach
Bruach abhann. Úsáidtear é seo go minic mar chur síos ar limistéar ar nó gar do bhruach abhann a thacaíonn le fásra atá oiriúnach don timpeallacht sin (Crios Bruachánach).
Caighdeán Cosanta nó CC
An leibhéal tuile, a shainmhínítear go minic de réir na dóchúlachta bliantúla go dtarlóidh an leibhéal tuile sin nó go sárófar é (an Dóchúlacht Sáraithe Bhliantúil, nó 'DSB'), agus a ndeartar beart/oibreacha cosanta sa limistéar atá i mbaol ina leith.
Ceantar Abhantraí nó CA
Limistéar réigiúnach talún a roinntear de réir hidreolaíochta chun críocha na Creat-Treorach Uisce. Tá ocht CA ar oileán Éireann, agus grúpa abhantrach i ngach ceann acu.
Ceantar Draenála
Oibreacha i limistéar sonraithe a dhéantar faoi na hAchtanna um Draenáil chun éascaíocht a dhéanamh ar dhraenáil talún.
Clár Náisiúnta CFRAM
An clár a d'fhorbair Oifig na nOibreacha Poiblí chun príomhghnéithe lárnacha de Threoir ‘Tuilte’ an AE a chur i bhfeidhm in Éirinn, lena n-áirítear na staidéir CFRAM, bunaithe ar thorthaí an RMRT.
Dobharcheantar
Limistéar talún a dhraenálann chuig pointe áirithe in abhainn nó córas draenála, cosúil le Limistéar um Measúnú Breise (LMB) nó sruth éalaithe abhann chuig an bhfarraige.
Dobharlach
Téarma a úsáidtear sa Chreat-Treoir Uisce (féach thíos) chun cur síos a dhéanamh ar chuid ar leith d'aibhneacha, locha, inbhir, den fharraige, screamhuisce agus dobharlaigh eile.
Dóchúlacht Sáraithe Bhliantúil nó DBS
Dóchúlacht go mbeidh imeacht tuile de mhéid áirithe, curtha in iúl mar chéatadán de ghnáth, ann in aon bhliain áirithe nó go mbeidh imeacht a sháraíonn an méid áirithe sin ann. Mar shampla, tá seans 1%, nó 1 in 100, ann go dtarlóidh imeacht tuile AEP 1% nó go sárófar an t-imeacht sin in aon bhliain áirithe.
Draenáil
Oibreacha chun uisce dromchla nó screamhuisce a bhaint nó baint an uisce sin a éascú, e.g. de bhóithre agus ceantair uirbeacha trí chórais uirbeacha draenála uisce stoirme, nó de thalamh trí chainéil draenála nó sruthchúrsaí a doimhníodh nó a méadaíodh a n-acmhainn.
Dríodrú
Cruinniú gráinníní (cré, gaineamh, móin, etc.) sa chainéal abhann.
Fairsinge Tuile
Fairsinge na talún atá faoi uisce nó a d'fhéadfadh a bheith faoi uisce. Is minic a chuirtear fairsinge in iúl ar léarscáil tuile.
Gabhdóir
Rud a d'fhéadfadh dochar nó damáiste a bhaint dó de dheasca tuile, mar theach, oifig, séadchomhartha, ospidéal, talamh feirme nó láithreacha ainmnithe comhshaoil.
Gabhdóir Aonair Riosca nó GAR
Gabhdóir aonair (féach thíos) a socraíodh chun riosca dóchúil suntasach tuile a léiriú (seachas pobal nó limistéar eile ar dócha go bhfuil siad i mbaol suntasach tuile, ar a dtugtar Limistéir um Measúnú Breise, nó 'LMBanna').
Gabhdóir Pointe
Rud a d'fhéadfadh dochar nó damáiste a bhaint dó de dheasca tuile, is é sin ag suíomh áirithe nach gclúdaíonn limistéar mór, mar theach, oifig, séadchomhartha, ospidéal, etc.
Guais
Rud a d'fhéadfadh a bheith ina chúis le dochar nó iarmhairtí díobhálacha. Sa chomhthéacs seo, déanann guais tagairt do thuilte.
Hidreolaíocht
Eolaíocht thimthriall nádúrtha an uisce a úsáidtear go minic sa chomhthéacs seo chun ráta agus méid na báistí a shreabhann ón talamh agus sreafaí tuile in aibhneacha a mheas.
Hiodrálaic
An eolaíocht a bhaineann le hiompar leachtanna, a úsáidtear go minic sa chomhthéacs seo chun iompar uisce tuile i gcainéil abhann nó i struchtúir (cosúil le lintéir) nó thar thalamh a mheas chun leibhéil nó fairsinge tuile a shocrú.
Iarmhairtí
Na tionchair a bhíonn ag tuilte, a fhéadfaidh a bheith díreach (e.g. gortú nó damáiste fisiciúil do réadmhaoin nó séadchomhartha), ina chur isteach (e.g. caillteanas soláthair leictreachais nó ba ar bhóthar) nó indíreach (e.g. strus ar dhaoine a bhfuil tionchar orthu nó cailleadh gnó do ghnóthaí atá buailte)
Inbhuanaitheacht
Cumas seasmhachta. Úsáidtear é go minic i gcomhthéacs comhshaoil nó maidir leis an athrú aeráide, ach ó thaobh ghníomhaíochtaí na ndaoine agus na sochaí de.
Lá Comhairliúchán Phoiblí nó LCP
Comhairliúchán le pobal agus le páirtithe leasmhara a fhógraítear roimh ré, áit a dtaispeánann an fhoireann tionscadail ábhair (e.g. léarscáileanna tuile, roghanna maidir le bainistiú riosca tuile) ag láthair sa phobal; bíonn baill foirne ar fáil chun an t-ábhar a mhíniú agus a phlé, agus bíonn deis ag muintir an phobail agus ag daoine eile ar spéis leo eolas áitiúil agus a gcuid tuairimí a chur in iúl.
Léarscáil Ghuaise Tuile
Léarscáil a léiríonn limistéir talún a d'fhéadfadh a bheith faoi uisce, dá ndéantar tagairt dó mar léarscáil fairsinge tuile, nó léarscáil a léiríonn doimhneacht, luas nó aon ghné eile de thuile nó d'uiscí tuile le haghaidh imeacht tuile áirithe. De ghnáth ullmhaítear léarscáileanna guaise tuile le haghaidh imeacht roimhe sin nó le haghaidh imeacht(aí) tuile de dhóchúlacht áirithe a fhéadfaidh a bheith ann amach anseo.
Léarscáil Riosca Tuile
Léarscáil a léiríonn na rioscaí féideartha a bhaineann le tuile. D'fhéadfadh na léarscáileanna gné áirithe riosca a léiriú, agus dóchúlacht tuile á cur san áireamh (e.g. meándamáistí bliantúla eacnamaíochta), ach d'fhéadfaidís na réimsí éagsúla ar a bhféadfadh tuilte a bhfuil dóchúlacht dhifriúil ag baint leo tionchar a imirt.
Leochaileacht
Céim fhéideartha an dochair do ghabhdóir (féach thuas) agus/nó céim na n-iarmhairtí a d'fhéadfadh teacht as dochar dá leithéid.
Limistéar Hidriméadrach
Limistéir thalún a roinntear de réir hidreolaíochta, de ghnáth dobharcheantair mhóra nó cruinniú dobharcheantar níos lú, agus an limistéar cósta lena mbaineann. Tá 40 Limistéar Hidriméadrach ar oileán na hÉireann.
Limistéar um Measúnú Breise nó LMB
Limistéir a meastar go bhféadfadh na rioscaí a bhaineann le tuile iontu a bheith suntasach, bunaithe ar an Réamh-mheasúnú ar Riosca Tuile. Tá measúnú eile níos mionsonraithe ag teastáil i leith na limistéar sin chun méid an riosca tuile a shocrú, agus chun bearta a fhorbairt chun an riosca tuile a bhainistiú agus a laghdú. Dhírigh na Staidéir CFRAM ar na LMBanna.
Measúnacht Chuí
Measúnú ar na tionchair a d'fhéadfadh a bheith ag plean nó tionscadal ar shláine láithreach a ainmníodh mar Láithreán Natura 2000, mar a éilítear faoin Treoir um Ghnáthóga.
Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta nó MST
Measúnú timpeallachta ar phleananna (cosúil leis na Pleananna) agus cláir is ea MST chun a chinntiú go mbeidh breithniú ardleibhéil ar cheisteanna comhshaoil le linn an plean a ullmhú a ghlacadh, agus is riachtanas é seo faoin treoir MST [2001/42/EC].
Plean Bainistíochta Riosca Tuile
Plean ina leagtar amach sraith beart tosaíochta taobh istigh de straitéis fhadtéarmach inbhuanaithe a bhfuil sé mar aidhm aici cuspóirí bainistíochta riosca tuile sonracha a bhaint amach. Forbraíodh an Plean ar scála Abhantraí (Aonad Bainistíochta) ach díríonn sé ar riosca a bhainistiú laistigh de LMBanna.
Pobail
Cathracha, bailte, sráidbhailte nó fearainn ina bhfuil bailiúchán tithe, gnólachtaí agus ionaid réadmhaoine eile.
Réamh-mheasúnú ar Riosca Tuile nó RMRT
Measúnú tosaigh ardleibhéal ar riosca tuile ar scála náisiúnta, chun cinneadh a dhéanamh ar áiteanna inar dócha go bhfuil rioscaí suntasacha maidir le tuilte, d'fhonn na LMBanna a aithint. Ba é an an RMRT an chéad chéim ba ghá faoi Threoir ‘Tuilte’ an AE.
Riosca
Dóchúlacht agus iarmhairtí tuile i dteannta a chéile.
Riosca Suntasach
Riosca tuile ar ábhar áirithe imní ar fud na tíre é. Léiríonn an Phríomh-Thuarascáil RMRT conas a cinneadh riosca suntasach don RMRT, agus mar sin conas a aithníodh na Limistéir um Measúnú Breise.
Rith chun srutha
Sruth uisce thar nó trí thalamh chuig dobharlach (e.g. sruth, abhainn nó loch) de thoradh báistí. Féadfaidh sé seo a bheith de dhroim talún nó tríd an chré áit a dtéann uisce sa talamh.
Scéim um Dhraenáil Artaireach
Oibreacha a dhéantar faoin Acht um Dhraenáil Artaireach (1945) chun feabhas a chur ar dhraenáil na talún. Thug OOP faoi oibreacha den chineál sin agus déanann OOP cothabháil orthu ar bhonn leanúnach.
Staidéar Measúnaithe agus Bainistíochta Riosca i gCás Tuilte Dobharcheantair nó Staidéar CFRAM
Staidéar a mheasúnaíonn agus a mhapálann an ghuais agus riosca tuile atá ann agus a fhéadfaidh a bheith ann de bharr uiscí abhann agus cósta, a shainíonn na cuspóirí maidir le bainistíocht na rioscaí aitheanta agus a ullmhaíonn Plean ina leagtar amach sraith beart tosaíochta a bhfuil sé mar aidhm aici na cuspóirí sainithe a bhaint amach.
Tailte Is Tairbhí
Tailte a bhaineann tairbhe as Scéim Draenála Artairigh.
Taoide
Baineann sé seo le taoide na farraige / na n-aigéan, i gcomhthéacs tuilte taoide, i.e. tuilte mar gheall ar ardleibhéil farraige nó inbhir.
Táscach
De ghnáth úsáidtear an téarma seo chun tagairt a dhéanamh do na léarscáileanna tuile a forbraíodh faoin RMRT. Níl ach léarscáileanna garbha sna léarscáileanna a forbraítear, seachas léarscáileanna an-mhionsonraithe, agus tá roinnt neamhréireanna ann ar an leibhéal áitiúil.
Tionscadal Bainistíochta Suirbhé
Tionscadal a choimisiúnaíonn Oifig na nOibreacha Poiblí roimh na Staidéir CFRAM chun cuid mhór den obair shuirbhé a shainiú agus a bhainistiú.
Topagrafaíocht
Dóchúlacht agus iarmhairtí tuile i dteannta a chéile.
Tréimhse Athfhillte
Úsáideadh an téarma seo chun cur síos a dhéanamh ar dhóchúlacht imeachta tuile, agus é curtha in iúl mar an mheántréimhse blianta thar achar fada ama, a d'fhéadfadh a bheith ag súil leis go dtarlódh tuile de mhéid áirithe lena linn. Úsáidtear anois an téarma ‘Dóchúlacht Sáraithe Bhliantúil’ ina áit, mar d’fhéadfadh ‘Tréimhse Athfhillte’ daoine a chur ar míthreoir.
Tuile
Cumhdach sealadach ag uisce ar thalamh nach mbíonn clúdaithe ag uisce de ghnáth.
Tuilemhá
An ceantar talún in aice le réimse abhann nó cósta a mbíonn tuilte ann ó am go chéile mar gheall ar an abhainn sin nó ar an bhfarraige.
Uisce Dromchla
Uisce ar dhromchla na talún. Úsáidtear an téarma chun tagairt a dhéanamh do bháisteach nach féidir a dhraenáil nó a shíothlú sa chré.
Uisce Trasdultach
Réimse abhann idir na taoidí, áit a n-imríonn sreabhadh abhann fionnuisce agus sáile na mara tionchar ar an uisce.
Uiscí Abhann
Úsáidtear go minic ó thaobh tuile abhann de, is é sin tuilte de bharr aibhneacha, sruthanna, etc.