Ceisteanna Coitianta

De réir an mheastacháin reatha is fearr, cuirfear tús le tógáil in 2025 agus d'fhéadfadh athrú teacht air sin. Mar seo a leanas an meastachán reatha maidir le Clár an Tionscadail (tráth scríofa an téacs sin, Eanáir 2021):

 

Céim I – Measúnú roghanna, Forbairt agus Dearadh Scéime: Curtha i gcrích faoi lár 2023

Céim II – Próisis Toilithe Pleanála / Forbartha: Curtha i gcrích faoi thús 2025

Céim III – Dearadh Mionsonraithe Tógála agus Próiseas Tairisceana: Curtha i gcrích faoi thús 2026

Céim IV – Tosach i 2026

Braitheann dáta tosaigh na tógála ar roinnt gnéithe:

•          Toiliú Reachtúil

Meastar faoi láthair go mairfidh an tréimhse thógála thart ar 33 mí, ach braitheann sé sin ar an rogha roghnaithe (is é sin, cé chomh casta is a fhéadfaidh tógáil a bheith).

Gealltar sa Phlean Forbartha Náisiúnta 2018-2027 go gcaithfear maoiniú beagnach €1 billiún ar scéimeanna faoisimh tuile, agus go méadófar maoiniú bliantúil caipitil le haghaidh faoiseamh tuile d'Oifig na nOibreacha Poiblí faoi dhó go dtí €100 milliún faoi 2021.

Is é sin an fhianaise is fearr atá ar fáil amhail Eanáir 2021.

Is é an cur chuige is fearr le hOifig na nOibreacha Poiblí i leith scéimeanna faoisimh tuile a dhearadh agus a chur i bhfeidhm an "Cur Chuige Oiriúnaitheach Bainistithe".

Ciallaíonn sé sin go ndéantar socrú i ndearadh na scéime don lá atá inniu ann chun gur féidir é a athrú nó a fheabhsú amach anseo chun aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide. Is é buntáiste an chuir chuige sin go ligeann sé dúinn tuiscint nua a fháil ar an aeráid amach anseo agus go ndéanfaidh an tuiscint sin eolas do dhearadh na mbeart maolaithe tuile i gcásanna aeráide éagsúla amach anseo. Mar sin, féadfar an scéim cosanta ar thuilte is inmharthana ó thaobh cúrsaí teicniúla, an chomhshaoil agus an gheilleagair de, a thugann aghaidh ar riosca tuile amach anseo, a chur i bhfeidhm ag an bpointe oiriúnach ama sa todhchaí. 

Cosnóidh an scéim ar an riosca tuile reatha agus tógfar é chun go mbeifear in ann í a chur in oiriúint don athrú aeráide amach anseo.

Cuirfear bearta Bainistíochta Nádúrtha Riosca san áireamh le linn na céime aitheanta roghanna den scéim.

Níl Oifig na nOibreacha Poiblí freagrach as an tionscal árachais a mhaoirsiú ná a rialáil i dtaca le hárachas riosca tuile, ná i dtaca le cúrsaí árachais i gcoitinne. Is é straitéis an Rialtais gur cheart go mbeadh na pobail, na tithe agus na gnólachtaí is mó atá i mbaol a bheith ábalta árachas tuile a fháil mar gheall ar infheistíocht an Rialtais i scéimeanna cosanta ar thuilte.

Tá ról an-sonrach ag Oifig na nOibreacha Poiblí maidir le malartú faisnéise leis an tionscal árachais i dtaca le scéimeanna cosanta ar thuilte atá críochnaithe ar leibhéal comhaontaithe cosanta is mian leis an tionscal.

Sa Mheabhrán Tuisceana a chomhaontaigh Oifig na nOibreacha Poiblí agus Insurance Ireland, an comhlacht ionadaíoch do chuideachtaí árachais in Éirinn, an 24 Márta 2014, leagadh béim ar leith ar bhonn a chomhaontú chun go mbeifear ábalta eolas a chur ar fáil don tionscal árachais faoi scéimeanna faoisimh tuile a chríochnaíonn OOP.

Tháinig an Meabhrán i bhfeidhm an 1 Meitheamh 2014 agus chuir Oifig na nOibreacha Poiblí an chéad tráinse sonraí ar fáil do Insurance Ireland faoi dhá scéim cosanta ar thuilte déag. Léiríodh dearadh, fairsinge agus nádúr na gcosaintí a chuireann na hoibreacha sin ar fáil.  Cuireadh sonraí ar fáil faoi chúig scéim bhreise in Eanáir 2015 agus cuireadh sonraí ar fáil faoi Scéim Cosanta ar Thuilte Phort Láirge in 2017.

Ón am sin, mhéadaigh leibhéal an chlúdaigh árachais tuile do thithe agus gnólachtaí beaga do limistéir atá faoi chosaint scéimeanna cosanta ar thuilte OOP ó 77% go 82% ar an meán, agus tuairiscítear go bhfuil leibhéal an chlúdaigh árachais tuile suas go dtí 90% i limistéir a bhaineann leas as cosaintí seasta.

Bhuail an Roinn Airgeadais agus OOP le Insurance Ireland chun aghaidh a thabhairt ar cheisteanna a bhaineann leis an aistriú sonraí sin.  Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara, cé go n-éilítear leis an Meabhrán ar árachóirí an t-eolas ar fad a chuireann OOP ar fáil maidir le scéimeanna cosanta ar thuilte atá críochnaithe a chur san áireamh, ní dhearbhaítear leis an meabhrán go mbeidh clúdach riosca tuile ar fáil do na háiteanna ar chuir OOP eolas ar fáil fúthu. Tá sé faoi árachóirí aonair clúdach árachais a chur ar fáil, leibhéal na bpréimheanna a ghearradh, agus na téarmaí polasaí a chur i bhfeidhm.

Má bhíonn aon ghearán nó ceist agat faoi chúrsaí árachais, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Seirbhís Faisnéise faoi Árachais de chuid Insurance Ireland (01 676 1914 nó feedback@insuranceireland.eu).  Anuas air sin, déileálann an tOmbudsman um Sheirbhísí Airgeadais (1890 88 20 90) go neamhspleách le gearáin gan réiteach ó thomhaltóirí maidir lena ngnóthaíocht ar fad le soláthraithe seirbhísí airgeadais.

Ní mhéadófar agus bhí phríomhról aige sin inár ndearadh. Chuireamar na tionchair ar an limistéar ar fad san áireamh, seachas díriú ar na háiteanna a raibh tuilte iontu, chun a chinntiú nach méadófar an riosca tuile ar na tailte máguairt mar gheall ar aon obair a dhéanfar mar chuid den scéim seo.

Is féidir leat breathnú ar na léarscáileanna tuile ar shuíomh gréasáin CFRAM de chuid OOP chun fairsinge tuile a fheiceáil don bhaile agus bailte eile sa limistéar staidéir CFRAM, www.floodinfo.ie

Tá limistéar na scéime reatha comhdhéanta den chuid is mó den Chlár um Measúnú agus Bainistiú Priacal Tuile Abhantraí (MBPTA) Limistéar um Measúnú Breise (LMB) le roinnt leasuithe lena n-áirítear fritháireamh cósta, Sruthán Srutha na gCaiseal (saincheisteanna priacal tuilte aitheanta) agus Inis Caorach (Tonn thar Bharra – Sócmhainn Chriticiúil Uisce Éireann). Aithníodh Limistéar Chathair na Gaillimhe um Measúnú Breise (LMB) trí chéim scóipeála ar a dtugtar an Réamh-Mheasúnú Priacal Tuile (RMPT), a bhí ina cheanglas de chuid Threoir an AE maidir le ‘Tuilte’. D’úsáid an Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) trí fhoinse faisnéise chun LMBanna a ainmniú:

1.         Eolas stairiúil a thulite a tharla san am atá caite
2.         Comhairliúchán poiblí chun eolas áitiúil agus saineolach a fháil ón Údaráis Áitiúla agus ó ranna agus ó ghníomhaireachtaí eile Rialtais chun limistéir a bhfuil priacal tuile iontu agus na hiarmhairtí féideartha a shainaithint.
3.         Teicnící innealtóireachta chun anailís a dhéanamh ar dhamáiste féideartha a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar thulite.

Is féidir tuilleadh sonraí (Príomh-Thuarascáil RMPT agus Turascáil Deiridh um Chinneadh LMB in Márta 2012) a fháil ar https://www.floodinfo.ie/about_frm/pfra/

Ina theannta sin, ní thugann bunachar sonraí tuilte an OPW san am atá caite le fios go bhfuil priacal tuilte suntasach ann do cheantair lasmuigh de Limistéar na Scéime (Cnoc na Cathrach san áireamh). É sin ráite, léiríonn léarscáiliú ar fhairsinge tuilte na Léarscáilíochta Abhann Táscach Náisiúnta (NIFM) don DSB 1% roinnt tuilte at Shruthán Bhearna. Is cosúil go bhfuil aon réadmhaoin atá i mbaol ón sruthchúrsaí seo díreach lasmuigh de threorainn riaracháin Chathair na Gaillimhe. 

Tabharfaidh Plean Limistéir Draenála Uisce Éireann (DAP) aghaidh ar thuilte ón ngréasán draenála bréan.
 


 

An bpost: Corporate House, City East Business Park, Ballybrit, Galway H91 K5YD

Bhfón: 091 894700

Ríomhphost: coiribgocosta@arup.com

Copyright 2020, All rights reserved

Privacy Statement

 

 

OPW's National Flood Information Portal - www.Floodinfo.ie