Rannpháirteachas leis an bPobal agus le Páirtithe Leasmhara

Le linn fhorbairt na scéime Coirib go Cósta féachfaidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe le rannpháirtíocht agus comhairliúchán leanúnach leis an bpobal agus le páirtithe leasmhara eile a chinntiú.

I measc na bpáirtithe leasmhara agus grúpaí sainleasa a bhfuil baint acu le Coirib go Cósta tá raon eagraíochtaí agus daoine aonair. Féadfaidh riachtanais gach ceann de na páirtithe leasmhara seo a bheith difriúil agus dearcadh uathúil a bheith acu ar an gcaoi a bhféadfadh an scéim dul i bhfeidhm go dearfach nó go diúltach ar a leasanna. Beidh sainaithint agus rannpháirtíocht luath ar bhealach comhoibritheach ríthábhachtach do rath na scéime. Tugtar achoimre ar chur chuige ceithre chéim maidir le bainistíocht agus rannpháirteachas na bpáirtithe leasmhara san fhigiúr thíos.

Cuireann an Treochlár Cumarsáide, féach thíos, na príomhghníomhaíochtaí cumarsáide agus na táirgí insoláthartha a aithníodh go dtí seo don scéim i láthair i ngraif agus tabharfar cothrom le dáta é de réir mar is gá le linn na gcéimeanna ina dhiaidh sin den scéim.  

D’fhonn tuairimí na bpáirtithe leasmhara faoin tionscadal a chur san áireamh, reáchtálfar trí lá rannpháirteachais phoiblí le linn Chéim 1 de Coirib go Cósta.

Is é an cuspóir a bheidh ag an gcéad lá rannpháirtíochta poiblí ná eolas luachmhar a bhailiú ón bpobal maidir le haon imeacht tuile a tharla roimhe seo, maidir le tuilte roimhe seo, na tionchair a bhí ag tuilte ar áitribh an phobail, tuiscint a fháil ar imní agus mianta an phobail maidir leis an scéim agus na srianta agus na deiseanna atá ag an scéim a chur i láthair. 

Is é an cuspóir a bheidh ag an dara lá rannpháirtíochta poiblí ná dréachtroghanna a chur i láthair nuair a fhorbrófar iad agus aiseolas a fháil ón bpobal lena n-ionchorprú i dtabhairt chun críche na roghanna.

Is é an cuspóir a bheidh ag an tríú lá rannpháirtíochta poiblí an Scéim roghnaithe a chur i láthair chun deireadh a chur leis na himeachtaí rannpháirtíochta páirtithe leasmhara mar chuid de Chéim I den Tionscadal.
 

Príomhdhátaí maidir le Comhairliúchán Poiblí

Lá Rannpháirtíocht an Phobail uimh. 1

Céim na Sriantachtaí

Ráithe 2 2021

Sonraí breise le cur in iúl

Lá Rannpháirtíocht an Phobail uimh. 2

Roghanna Dréachta

Dáta le cur in iúl

Lá Rannpháirtíocht an Phobail uimh. 3

Roghanna Dréachta

Dáta le cur in iúl


 

An bpost: Corporate House, City East Business Park, Ballybrit, Galway H91 K5YD

Bhfón: 091 894700

Ríomhphost: coiribgocosta@arup.com

Copyright 2020, All rights reserved

Privacy Statement

 

 

OPW's National Flood Information Portal - www.Floodinfo.ie