Ráiteas Príobháideachta

Tá meas ag Oifig na nOibreacha Poiblí ar chearta a chuid úsáideoirí agus dá réir sin, mar riail ghinearálta, ní bhailíonn siad faisnéis phearsanta de chineál ar bith. An uair a thugann úsáideoir faisnéis dá d(h)eoin féin mar fhreagairt do shuirbhé nó do cheistneoir, is chun críche an taighde nó na hanailíse amháin a úsáidfear na sonraí sin. Don bhrabhsáil ghinearálta gréasáin, ní scaoiltear faisnéis phearsanta ar bith dúinn, cé go bhfuil faisnéis áirithe staidrimh ar fáil dúinn ónár soláthraí seirbhíse gréasáin. D’fhéadfadh na nithe seo a leanas a bheith i gceist san fhaisnéis sin:

  • Seoladh loighciúil an fhreastalaí atá tú a úsáid
  • Ainm fearainn barrleibhéil óna ndéanann tú rochtain ar an Idirlíon (mar shampla, .ie, .com, .org etc.)
  • An cineál brabhsálaí atá tú a úsáid;
  • Dáta agus am rochtana don suíomh;
  • An seoladh idirlín a úsáideadh mar nasc lenár suíomh.

Úsáidtear cuid den fhaisnéis thuas le haghaidh staidreamh achomair a chruthú a ligeann dúinn measúnú a dhéanamh ar an líon cuairteoirí ar ár suíomh, na leathanaigh a aithint ar mó an líon cuairteanna orthu, agus cuidiú linn go ginearálta ár suíomh a dhéanamh níos inúsáidte ag an úsáideoir.

Úsáideann an suíomh gréasáin seo Google Analytics le hanailís a dhéanamh ar an dóigh a n-úsáideann úsáideoirí an suíomh. Úsáideann an gléas anailíse seo fianáin, ar comhaid téacs iad a leagtar ar do ríomhaire, chun faisnéis logála gréasáin chaighdeánach agus iompar úsáideoirí a bhailiú i bhfoirm anaithnid. Déantar an fhaisnéis seo a ghin an fianán faoin úsáid a bhain tú as an suíomh (do sheoladh IP san áireamh) a aistriú go Google. Úsáidtear an fhaisnéis seo ansin chun measúnú a dhéanamh ar úsáid a bhain cuairteoirí as an suíomh agus chun tuairiscí staidrimh a réiteach maidir le gníomhaíocht an tsuímh d’Oifig na nOibreacha Poiblí.

Ní úsáideann Oifig na nOibreacha Poiblí an gléas anailíse staidrimh le rianú a dhéanamh ná le heolas ar bith a bhailiú óna bhféadfaí cuairteoirí ar ár suíomh a shainaithint. Ní dhéanaimid nasc idir sonraí ar bith a bhailítear ón suíomh seo agus faisnéis phearsanta aitheanta ar bith eile ó fhoinse ar bith mar chuid den úsáid a bhainimid as an ghléas anailíse staidrimh. Ní dhéanann Google do sheoladh IP a nascadh le sonraí ar bith eile atá ar coinneáil ag Google. Ní dhéanann an OOP ná Google aon nasc, ná iarracht nasc a dhéanamh, idir seoladh IP agus aitheantas úsáideora ríomhaire.

  • Faisnéis Phearsanta

B’fhéidir go n-iarrfadh muid ort do sheoladh ríomhphoist a thabhairt agus muid ag freagairt d’iarratas uait ar eolas breise. Ní dhéanfar é seo a thaifeadadh ach sa chás go roghnaíonn tú teachtaireacht a chur chugainn. Ní úsáidfear é ach chun na críche dár cuireadh ar fáil é agus ní chuirfear é le liosta seoltaí.

 

Ráiteas faoi Rochtain

Tá gealltanas déanta ag Ayesa, thar ceann an OPW, rochtain dhigiteach a chinntiú do dhaoine faoi mhíchumas. Táimid ag cur go leanúnach le heispéireas an úsáideora do chách, agus na caighdeáin ábhartha rochtana a chur i bhfeidhm.

 

Stádas maidir le Comhlíonadh
Déanann na Treoirlínte Rochtana ar Ábhar Gréasáin (WCAG) [Nasc: https://www.w3.org/WAI/standards-guidelines/wcag/] sainmhíniú ar na riachtanais ag dearthóirí agus ag forbróirí i dtaca le rochtain a fheabhsú do dhaoine atá faoi mhíchumas. Sainmhínítear iontu trí leibhéal don chomhlíonadh: Leibhéal A, Leibhéal AA, agus Leibhéal AAA. Tá Scéim Fóirithinte Tuilte Ráth Mealtain ag comhlíonadh leibhéal AA sa WCAG 2.1 go hiomlán. Is ionann comhlíonadh iomlán agus an t-ábhar comhlíonadh iomlán gan eisceacht a dhéanamh ar an chaighdeán rochtana.

 

Aiseolas
Cuirimid fáilte roimh d’aiseolas maidir le hinrochtaineacht Scéim Fóirithinte Tuilte Ráth Mealtain. Cuirtear in iúl dúinn le do thoil sa chás go dtiocfá ar aon chonstaic rochtana ar Scéim Fóirithinte Tuilte Ráth Mealtain:

Ríomhphost: RameltonFRS@Ayesa.com

Seoladh Poist: Ramelton Flood Relief Scheme Project Manager, Donegal Bundle 2 FRS, Ayesa, Building 2100, Avenue 2000, Cork Airport Business Park, Kinsale Road, Cork, T12 KV8R

 

 

 

 

 

 

 

 

OPW's National Flood Information Portal - www.Floodinfo.ie