Clár Ama
Maidir le Scéim Fóirithinte Tuilte a chur chun cinn agus i bhfeidhm do Ráth Mealtain, tá Comhairle Contae Dhún na nGall i ndiaidh coimisiún a thabhairt do Ayesa le scéim fóirithinte tuilte a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm. Beidh cúig chéim sa scéim, mar a léirítear thíos:
Céim I: Forbairt agus Dearadh na Scéime
Sa chéad chéim déanfar na sonraí ábhartha ar fad a bhailiú (Tá CCDnanG i ndiaidh an chuid is mó de seo a dhéanamh sular ceapadh Ayesa). Déanfar na suirbhéanna ábhartha a réiteach, a thairiscint agus a bhainistiú de réir na treorach náisiúnta agus an dea-chleachtais. I ndiaidh na sonraí seo a bhailiú, déanfar anailís hidreolaíoch agus hiodrálach ar an achar staidéir. Déanfar anailís iomlán costais is tairbhe ar an Scéim chomh maith.
Céim II: Pleanáil
I gCéim II déanfar an cháipéisíocht ar fad a réiteach, lena n-áirítear cáipéisíocht timpeallachta, rud is gá leis an Scéim a chur chun cinn trí na próisis riachtanacha phleanála, lena n-áirítear an taispeántas poiblí, agus na próisis reachtúla eile.
Céim III: Dearadh Mionsonraithe na Tógála agus Tairiscint
I gCéim III déanfar dearadh mionsonraithe, cuirfear i dtoll a chéile cáipéisí mionsonraithe tairisceana agus beidh comórtas poiblí ann le príomhchonraitheoir a cheapadh don obair.
Céim IV: Tógáil
Déanfaidh conraitheoir oibreacha an obair, faoi mhaoirseacht an chomhairleora, tar éis comórtas poiblí soláthair. Beidh scéim fheidhmeach socraithe faoi dheireadh chéim IV.
Céim V: Aistriú na nOibreacha
An teastas críochnaithe a choimisiúnú. Tuarascáil anailíse airgeadais a réiteach don tionscadal. Réiteofar suirbhéanna ‘Mar a Tógadh’, mapáil ‘Mar a Tógadh’ agus plean Oiriúnaithe don Athrú Aeráide nuashonraithe.