Eolas Cúlra

In 2012, le dul i ngleic le saincheisteanna tuilte ar fud na tíre, choimisiúnaigh Oifig na nOibreacha Poiblí (OOP) staidéir maidir le Bainistíocht Abhantrach agus Riosca Tuilte (CFRAM) ar fud na tíre ar fad agus chuir breithniú i gcrích ar 300 ionad ina mbíonn tuilte. Mar thoradh ar an staidéar sainaithníodh 118 ceantar a bhí i mbaol tuile, lena n-áirítear Ráth Mealtain, agus na tionchair a thagann le tuilte. Leagadh amach sa phlean na bearta agus na beartais a bheadh le cur i bhfeidhm leis an bhainistiú is cost-éifeachtaí agus is inbhuanaithe a aimsiú don riosca tuilte.

I ndiaidh gur seoladh torthaí Staidéir CFRAM, mar chuid de Phlean Forbartha Náisiúnta 2018-2027 an Rialtais, gealladh chóir a bheith €1 billiún le haghaidh infheistíochta i mbeartais fóirithinte tuilte ar fud na tíre.

I ndiaidh an ghealltanais seo, bunaíodh grúpa stiúrtha idir an OPW agus Comhairle Contae Dhún na nGall le scéim fóirithinte tuile a chur chun cinn chun baol an tuile a laghdú do phobal Ráth Mealtain. I mBealtaine 2021, ceapadh Ayesa mar Chomhairleoirí Innealtóireachta agus mar Chomhairleoirí Timpeallachta, chun scéim a fhorbairt a bheidh inghlactha ó thaobh na teicneolaíochta, an phobail agus an chomhshaoil de.

 

Cliceáil anseo le hamharc ar an dóigh a ndearnadh measúnú ar an phobal seo.

(Déanfar tú a atreorú chuig an suíomh gréasáin Floodinfo.ie)

 

Seo a leanas roinnt leathanaigh ghréasáin a thabharfaidh eolas breise faoin tuile, faoi bhainistiú riosca tuile, agus eolas cuidiúil eile. Le haghaidh eolais amháin a thugtar na naisc seo. Tugtar do d’aire nach bhfuil Ayesa freagrach as aon ábhar atá ar shuíomhanna ghréasáin seachtracha.

 

 

 

 

 

 

 

 

 

OPW's National Flood Information Portal - www.Floodinfo.ie