Conas a bhaineamar an pointe seo amach?

Choimisiúnaigh agus chríochnaigh OOP, ag oibriú i gcomhpháirtíocht le Comhairle Contae Chill Chainnigh agus Údaráis Áitiúla eile, Staidéar Bainistíochta agus Measúnaithe Riosca i gCás Tuilte Dhobharcheantar an Oirdheiscirt (BMRCTD). Ba iad cuspóirí an Staidéir BMRCTD chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • An ghuais tuilte reatha agus fhéideartha amach anseo a shainaithint agus a léarscáiliú laistigh den Limistéar Staidéir BMRCTD.
  • An baol tuilte reatha agus féideartha amach anseo a mheasúnú agus a léarscáiliú laistigh den Limistéar Staidéir BMRCTD.
  • Roghanna agus bearta inmharthana struchtúracha agus neamhstruchtúracha a shainaithint chun bainistíocht éifeachtach agus inbhuanaithe a dhéanamh ar an riosca i gcás tuilte sna Limistéir a bhfuil Measúnú Breise le déanamh orthu (LMBanna) agus laistigh den Limistéar Staidéir BMRCTD ina iomláine.
  • Sraith Pleananna Bainistíochta Riosca i gCás Tuilte (PBRTanna) a ullmhú don Limistéar Staidéir BMRCTD, agus Measúnú gaolmhar Straitéiseach Timpeallachta agus, faoi mar is gá, Treoir maidir le Gnáthóga (Tástáil i leith Measúnú Oiriúnachta) a ullmhú, ina leagtar amach na beartais, na straitéisí, na bearta agus na gníomhartha ar cheart do na comhlachtaí ábhartha, OOP, Údaráis Áitiúla agus Páirtithe Leasmhara eile ina measc tabhairt fúthu, chun an bhainistíocht is cost-éifeachtúla agus is inbhuanaithe a dhéanamh ar riosca i gcás tuilte reatha, féideartha agus amach anseo laistigh den Limistéar Staidéir, agus pleananna timpeallachta, cuspóirí agus ceanglais reachtaíochta agus pleananna agus ceanglais eile reachtaíochta á gcur san áireamh.

Cuireadh Gráig na Manach-Tigh na hInse san áireamh i Limistéar Staidéir BMRCTD an Oirdheiscirt mar LMB, agus baineadh an tátal as go mbeadh scéim faoisimh ó thuilte inmharthana agus éifeachtach don phobal. Is féidir an achoimre seo a leanas a thabhairt ar rogha inmharthana na Scéime do Ghráig na Manach-Thigh na hInse, faoi mar a shainaithnítear ar an leibhéal measúnaithe BMRCTD:

B’éard a bhain go príomha leis an scéim a sainaithníodh do Ghráig na Manach-Thigh na hInse ná cosaintí crua a thógáil agus oibreacha gaolmhara a dhéanamh ar fud cheantar uirbeach Ghráig na Manach feadh bhruacha Abhainn an Dubhuisce agus Abhainn na Bearú. 

Chun an scéim a thabhairt ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile de dhearadh mionsonraithe, coimisiúnaíodh Ayesa chun Scéim Faoisimh ó Thuilte a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm do Ghráig na Manach-Thigh na hInse. Ní bheidh an tionscadal teoranta i dtaobh na moltaí a rinneadh sa staidéar BMRCTD agus déanfar breithmheas ann ar gach beart féideartha faoisimh ó thuilte lena chinntiú go bhforbraítear an scéim is oiriúnaí. 

Cliceáil anseo chun teacht ar an mbealach a rinneadh measúnú ar an bpobal seo.

(Atreorófar thú go dtí Floodinfo.ie)

 


 

Copyright 2020, All rights reserved

Privacy Statement

 

 

OPW's National Flood Information Portal - www.Floodinfo.ie