Réamhrá

Tá Comhairle Contae Chill Chainnigh, mar an Príomhúdarás, i gcomhar le Comhairle Contae Cheatharlach agus Oifig na nOibreacha Poiblí (OOP), ag leanúint ar aghaidh anois le Scéim Faoisimh ó Thuilte Ghráig na Manach-Thigh na hInse. 
Mhol OOP go bhforbraítear Scéim Faoisimh ó Thuilte do Ghráig na Manach-Thigh na hInse mar thoradh ar an obair a críochnaíodh i Staidéar Bainistíochta agus Measúnaithe Riosca i gCás Tuilte Dhobharcheantar (BMRCTD) an Oirdheiscirt.

Tá an Scéim Faoisimh ó Thuilte seo mar chuid den Chiste Náisiúnta €1 billiún a d’fhógair an Rialtas do Scéimeanna Faoisimh ó Thuilte ar fud na Tíre i mBealtaine 2018.   Tá Gráig na Manach-Tigh na hInse suite ar theorainn Chill Chainnigh-Cheatharlach agus tá Comhairle Contae Chill Chainnigh ag gníomhú mar an Príomhúdarás don Scéim.
Choimisiúnaigh Comhairle Contae Chill Chainnigh Ayesa i bhFeabhra 2020 chun Scéimeanna Faoisimh ó Thuilte a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm do Ghráig na Manach-Thigh na hInse. Is í cuspóir na scéime chun an baol tuilte a mhaolú ata roimh Phobal Ghráig na Manach-Thigh na hInse trí scéim a sholáthar atá inghlactha i dtaobh cúrsaí teicniúla, sóisialta, comhshaoil agus geilleagracha de.

Beartaítear go mbeidh an láithreán gréasáin seo mar acmhainn don phobal, a sholáthraíonn eolas agus a chuireann na forbairtí tionscadail is déanaí in iúl agus nuashonrófar é de réir mar a dhéanann an scéim dul chun cinn.

 

Nuacht is Déanaí

Féach, le do thoil, an leagan Béarla den láithreán chun teacht ar Eolas cothrom le dáta.

Grúpa Stiúrtha
KCC Logo
CCC Logo
OPW Logo

 

Copyright 2020, All rights reserved

Privacy Statement

 

 

OPW's National Flood Information Portal - www.Floodinfo.ie