Clár Ama

 

Maidir le Scéim Fóirithinte Tuilte a chur chun cinn agus i bhfeidhm do Bhealach Féich agus Srath an Urláir, tá Comhairle Contae Dhún na nGall i ndiaidh coimisiún a thabhairt do Ayesa le scéim  fóirithinte tuilte a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm.

 

Céim I:  Forbairt agus Dearadh na Scéime

Sa chéad chéim déanfar na sonraí ábhartha ar fad a bhailiú (Tá CCDG i ndiaidh an chuid is mó de seo a dhéanamh sular ceapadh Ayesa). Déanfar na suirbhéanna ábhartha a réiteach, a thairiscint agus a bhainistiú de réir na treorach náisiúnta agus an dea-chleachtais. I ndiaidh na sonraí seo a bhailiú, déanfar anailís hidreolaíoch agus hiodrálach ar an achar staidéir. Déanfar anailís iomlán costais is tairbhe ar an Scéim chomh maith.

Céim II:  Pleanáil

I gCéim II déanfar an cháipéisíocht ar fad a réiteach, lena n-áirítear cáipéisíocht timpeallachta, rud is gá chun an Scéim a chur chun cinn trí na próisis riachtanacha phleanála, lena n-áirítear an taispeántas poiblí, agus na próisis reachtúla eile.

Céim III:  Dearadh Mionsonraithe na Tógála agus Tairiscint

I gCéim III déanfar dearadh mionsonraithe, cuirfear i dtoll a chéile cáipéisí mionsonraithe tairisceana agus beidh comórtas poiblí ann chun príomhchonraitheoir a cheapadh don obair.

Céim IV:  Tógáil

Déanfaidh conraitheoir oibreacha an obair, faoi mhaoirseacht an chomhairleora, i ndiaidh comórtas poiblí soláthair. Beidh scéim fheidhmeach socraithe faoi dheireadh chéim IV.

Céim V:  Aistriú na nOibreacha

An teastas críochnaithe a choimisiúnú. Tuarascáil anailíse airgeadais a réiteach don tionscadal. Réiteofar suirbhéanna ‘Mar a Tógadh’, mapáil ‘Mar a Tógadh’ agus plean Oiriúnaithe don Athrú Aeráide nuashonraithe.


 

OPW's National Flood Information Portal - www.Floodinfo.ie