Plé leis an bPobal agus le Páirtithe Leasmhara
Beidh deiseanna ann le linn an Tionscadail a bheith páirteach i gcomhairliúchán poiblí, agus chomh maith leis sin beidh eolas faoin tionscadal agus nuashonruithe faoin dul chun cinn á gcur amach tríd an suíomh gréasáin seo agus trí imeachtaí comhairliúcháin.
Iarrtar ar an phobal bheith páirteach sna hImeachtaí Comhairliúcháin Phoiblí a bheifear a reáchtáil ag céimeanna éagsúla le linn an tionscadail.
Beidh an chéad imeacht sa Chomhairliúchán Phoiblí (PCE) ag iarraidh tuairimí tosaigh ón phobal agus ó pháirtithe leasmhara eile maidir leis na saincheisteanna a bheidh le breithniú agus an Staidéar ar Chonstaicí Comhshaoil, agus ar chóir don Scéim ina hiomláine tabhairt fúthu.
Beidh an dara PCE ann mar chlabhsúr chomh luath agus a dhéanfar scéim roghnaithe a aithint agus a chomhaontú leis an ghrúpa stiúrtha. Déanfar breithniú ar na tráchtanna agus ar na ceisteanna a ardaíodh sa chomhairliúchán phoiblí i ndearadh na Scéime agus le linn an Ráitis Tionchair Natura agus an Tuarascáil ar Mheasúnacht Tionchair Timpeallachta a réiteach.
Is féidir dul i dteagmháil le foireann an tionscadail le ceisteanna / aighneachtaí de ríomhphost agus sa phost.
Ríomhphost: Ballybofey-StranorlarFRS@Ayesa.com
Sa phost:
Faoi chúram: Bainisteoir Tionscadail SCT Bealach Fhéich/Srath an Urláir
Ayesa
Foirgneamh 2100 Páirc Ghnó Aerofort Chorcaí
Bóthar Chionn tSáile
Corcaigh, T12 KV8R
R-Phost: Ballybofey-Stranorlar@Ayesa.com
Glaoigh ar: +353 (0) 21 240 7988
Más mian leat bualadh le ball d’fhoireann an tionscadail go pearsanta, beidh ionadaithe i Bealach Fheich agus Srath an Urláir an 12 Deireadh Fómhair 2021 ó 6pm go 8pm.
Tabhair faoi deara le do thoil go ndéanfar comhairliúcháin phearsanta ar iarratas agus go docht trí choinne amháin. Más mian leat coinne a dhéanamh, téigh i dteagmháil le do thoil le hAonad Scéimeanna um Fhaoiseamh ó Thuilte Chomhairle Contae Dhún na nGall ar 074 9153900 nó seol ríomhphost chuig floodreliefschemes@donegalcoco.ie
Dátaí Tábhachtacha don Chomhairliúchán Phoiblí
Céim I An Chéad Chomhairliúchán Poiblí
Tionólfar an chéad Imeacht Comhairliúcháin Phoiblí oscailte ón Luan 27 Meán Fómhair go dtí an Aoine 22 Deireadh Fómhair.
Céim I An Comhairliúcháin Poiblí Deiridh
Socrófar dáta agus am don dara Comhairliúchán Poiblí chomh luath agus a shainaithneofar scéim roghnaithe agus a chomhaontófar sin leis an ghrúpa stiúrtha. Cuirfear baill den phobal ar an eolas faoi na socruithe roimh an chomhairliúchán.
Déanfar an tEolas ar fad faoi Imeachtaí an Chomhairliúcháin Phoiblí a uaslódáil ar an rannóg ‘Cáipéisíocht an Tionscadail’ ar an suíomh gréasáin, in éineacht leis an cheistneoir aiseolais, ar féidir é a chur ar ais chuig oifig an tionscadail sa phost nó tríd an ríomhphost, le haghaidh a bhreithnithe.
Le hÍoslódáil
Imeacht Comhairliúcháin Phoiblí Uimh.1
Bealach Fhéich agus Srath and Urláir Bileog
Bealach Fhéich agus Srath an Urláir Ceistneoir
Beidh Taispeántas Poiblí ann freisin mar chuid den phróiseas reachtúil pleanála i gCéim II den tionscadal.
Dátaí Tábhachtacha don Chomhairliúchán Phoiblí
Lá Comhairliúcháin 1
Ó Luan 27 Meán Fómhair go hAoine 22ú Deireadh
Fómhair 2021
Lá Comhairliúcháin 2
Fos le teacht
Lá Comhairliúcháin 3
Fos le teacht