Réamhra
Is baile calafoirt gnóthach é an t-Inbhear Mór i gContae Chill Mhantáin atá suite ar chósta thoir na hÉireann, faoi bhun Cnoc Chaile Maol. Tá an baile suite ag béal Abhainn na hAbhoca, an abhainn is faide i gCill Mhantáin, agus déanann Muir Éireann á roinnt. Ceanglaíonn an droichead 'The Nineteen Arches - An Naoi Stua Déag' a tógadh idir na blianta 1754 agus 1756, taobh thuaidh an Inbhir Mhóir (Port an Chalaidh) nasctha le deisceart an bhaile.
Ba bhaile mór farraige i gcónaí é an tInbhear Mór le mórbhaint aige le le tionscail na loingseoireachta, na longthógála agus na hiascaireachta. D'fhás oidhreacht thógtha an bhaile as a gcuid tioncar stairiúil. Léiríonn iarsmaí Chaisleán Urumhan croílar mheánaoiseach bhaile an Inbhir Mhóir agus is féidir bunús an chaisleáin a aimsiú siar go dtí aimsir na Lochlannach. Mainistir Dhoiminiceach a bhí i Mainistir na Croiche Naofa a bunaíodh san Inbhear Mór sa bhliain 1264. Cuireadh an Mhainistir faoi chois agus tréigeadh é sa bhliain 1539 agus bhí sí ina fothracha ann gan aon rian dá bhunstruchtúr le feiceáil i shin i leith. Siad reilig na Mainistreach in aice láimhe agus cros aolchloiche na hiarsmaí amháin atá fágtha anois.
Mar chuid de Phlean Forbartha Náisiúnta 2018 - 2027 an Rialtais, tá euro 1 billiún geallta d'fhorbairt bearta um fhaoiseamh na dtuilte ar fud na hÉireann. Mar chuid den ghealltanas seo, bunaíodh grúpa stiúrtha idir Oifig na nOibreacha Poiblí (OOP) agus Comhairle Contae Chill Mhantáin d'fhonn scéim faoisimh na dtuilte a chur chun cinn chun baol na dtuilte a mhaolú san Inbhear Mór. I mí Nollaig na bliana 2023, ceapadh Ayesa mar Chomhairleoirí Innealtóireachta agus Comhshaoil chun scéim a fhortbairt a bheidh inghlactha go teicniúil, go sóisialta, agus ó thaobh na timpeallachta agus an gheilleagair de, chun baol na dtuilte do phobal an Inbhir Mhóir a mhaolú. Cuireadh tús leis an tionscadal i mí Eanáir na bliana 2024.
Sí céad chéim obair fhoirean tionscadail ná an miondearadh, na líníochtaí agus na cáipéisí riachtanacha a theastaíonn le haghaidh an scéim a chur ar aghaidh ionas gur féidir tabhairt ar phríomhoibreacha na tógála.
An Scéal is Déanaí
Faigh amach cad atá ar siúl faoi láthair ar Scéim Faoisimh Tuilte an Inbhir Mhóir anseo.