Double-click to edit
Tap to edit

Ráiteas Príobháideachais 

Cé sinn féin agus an fáth a dteastaíonn d’eolas uainn?

Lorgaíonn Comhairle Contae Chill Chainnigh chun forbairt gheilleagrach, shóisialta agus chultúrtha Chontae Chill Chainnigh a chur chun cinn agus chun feabhas suntasach a chur ar chaighdeán beatha mhuintir Chontae Chill Chainnigh nuair a bhíonn amhlaidh á dhéanamh.

Ar cheann de chroíchuspóirí na Comhairle go fóill is ea seirbhísí ardchaighdeáin a sholáthar, atá saincheaptha chun freastal ar riachtanais ár gcustaiméirí go léir, agus cuirtear san áireamh é inár bPlean Corparáideach. Áirítear leis an tseirbhís ardchaighdeáin seo ní hamháin leibhéal agus cáilíocht na seirbhíse a chuirtear ar fáil dár gcustaiméirí, ach cáilíocht ár bpróiseas cinnteoireachta, éifeachtúlacht agus éifeachtacht ár n-oibríochtaí corparáideacha, caighdeán ár saoráidí agus ár gcumas chun oiriúnú do thimpeallacht shíorathraitheach.

Chun an réimse seirbhísí is éifeachtaí agus is spriocdhírithe a sholáthar chun freastal ar riachtanais shaoránaigh, phobail agus ghnólachtaí Chontae Chill Chainnigh, beidh orainn saghsanna áirithe d’eolas faoi dhaoine agus eagraíochtaí a bhailiú, a phróiseáil agus a úsáid. Ag brath ar an tseirbhís a lorgaítear nó a sholáthraítear, is féidir a áireamh leis an eolas a lorgaítear ‘sonraí pearsanta’, faoi mar a ndéantar sainmhíniú air sna hAchtanna um Chosaint Sonraí agus sa Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí (an RGCS) agus is féidir leis baint a bheith aige le húsáideoirí seirbhíse reatha, roimhe seo agus amach anseo; fostaithe reatha agus ionchasacha; soláthraithe; agus baill den phobal ar féidir leo páirt a ghlacadh i gcumarsáid lenár bhfoireann. Ina theannta sin, b’fhéidir go mbeidh ar an bhfoireann saghsanna áirithe de shonraí pearsanta a bhailiú, a phróiseáil agus a úsáid chun ceanglais rialála nó reachtaíochta a chomhlíonadh.

An fáth a bhfuil ráiteas príobháideachais againn?

Chruthaigh Comhairle Contae Chill Chainnigh an ráiteas príobháideachais seo chun ár dtiomantas daingean do phríobháideachas a léiriú agus le dearbhú a thabhairt duit go gcinnteoimid, i ngach déileáil a dhéanann tú le Comhairle Contae Chill Chainnigh, slándáil na sonraí a sholáthraíonn tú dúinn. 

Cruthaíonn, bailíonn agus próiseálann Comhairle Contae Chill Chainnigh mórmhéid sonraí pearsanta i bhformáidí éagsúla iomadúla ar bhonn laethúil. Geallann Comhairle Contae Chill Chainnigh an méid seo a leanas duitse maidir leis na sonraí pearsanta a mb’fhéidir go mbeidh ort a sholáthar dúinn:

  • Faightear na sonraí ar bhealach dleathach, cothrom agus trédhearcach.

 

  • Ní fhaightear na sonraí ach ar chuspóirí sonraithe, soiléire agus dlisteanacha amháin.
  • Tá na sonraí leordhóthanach, ábhartha agus teoranta don mhéid atá riachtanach maidir leis an gcuspóir dá bhfuarthas iad.
  • Taifeadtar iad, stóráiltear go cruinn agus go sábháilte iad agus coimeádfar cothrom le dáta iad, sa chás gur gá.
  • Ní choimeádfar iad ach chomh fada sin agus is gá do na cuspóirí dá bhfuarthas iad.
  • Coimeádtar i bhfoirm iad nach gceadaíonn an t-ábhar sonraí a shainaithint.
  • Ní phróiseáiltear iad ach ar bhealach a chinntíonn slándáil chuí na sonraí pearsanta, cosaint in aghaidh próiseáil neamhúdaraithe nó neamhdhleathach ina measc.

Beartas um Chosaint Sonraí

Tá Beartas um Chosaint Sonraí ag Comhairle Contae Chill Chainnigh ina ndéantar plé níos mionsonraithe ar an mbealach atáimid, mar chomhlacht poiblí, tiomanta do shlándáil aon sonraí pearsanta a chinntiú a sholáthraíonn tú dúinn.

Is féidir teacht ar chóip den Bheartas um Chosaint Sonraí tríd an nasc seo a leanas:https://www.kilkennycoco.ie/eng/Your_Council/Data-Protection/Data-Protection-Policy.docx  

Na saghsanna sonraí pearsanta a theastaíonn uainn?

Is féidir na saghsanna sonraí pearsanta is féidir iarraidh ort a sholáthar a chatagóiriú mar seo a leanas:

  • Sonraí teagmhála lena cheadú cumarsáid éifeachtúil a dhéanamh
  • Sonraí faoi do chúinsí pearsanta a cheanglaítear faoin dlí ort a sholáthar mar chuid den iarratas a rinne tú ar sheirbhís a chuir Comhairle Contae Chill Chainnigh ar fáil
  • Do shonraí féin airgeadais a cheanglaítear faoin dlí ort a sholáthar mar chuid den iarratas a rinne tú ar sheirbhís a chuir Comhairle Contae Chill Chainnigh ar fáil.

Sonraí Teagmhála 

Chun cumarsáid a dhéanamh leat, iarrfar ort sonraí teagmhála a sholáthar. Ní gá duit na sonraí teagmhála go léir a sholáthar ach is fusa cumarsáid a dhéanamh má sholáthraíonn tú níos mó sonraí, ar nós sonraí ríomhphoist, gutháin, seolta.  

Sonraí faoi Chúinsí Pearsanta 

Más mian leat iarratas a dhéanamh ar sheirbhís ar leith ón údarás áitiúil, iarrfar ort méid éagsúil sonraí pearsanta a sholáthar a bhaineann leat agus le do theaghlach, chun tacú le d’iarratas. Leagfaidh Comhairle Contae Chill Chainnigh an t-eolas amach a theastóidh uainn i sraith foirmeacha iarratais ar leith agus éagsúla a bhaineann le gach seirbhís. Cuirfidh gach seirbhís/aonad gnó a iarrfaidh ort d’eolas pearsanta a thabhairt, fógra mionsonraithe príobháideachais ar fáil a bhaineann go sonrach leis na seirbhísí siúd. Beidh an méid seo a leanas san fhógra sin:

  • Sonraí faoin gcuspóir ar leith agus dlisteanach dá bhfuil na sonraí pearsanta á lorg.
  • An bunús dlí faoina dteastaíonn an t-eolas a sholáthar.
  •  Sonraí faoi na heagraíochtaí/na comhlachtaí/na haonáin eile a mbeidh orainn sonraí a roinnt leo, nó sonraí a fháil uathu, chun an tseirbhís a theastaíonn a sholáthar.
  • Sonraí faoi conas a choimeádfar do shonraí pearsanta sábháilte ó phróiseáil neamhúdaraithe nó neamhdhleathach.
  • Sonraí faoin tréimhse a choimeádfaidh Comhairle Contae Chill Chainnigh do shonraí pearsanta agus an méid a dhéanfar leis na sonraí i ndiaidh gur éag an tréimhse choinneála.

Sonraí Airgeadais 

Más mian leat iarratas a dhéanamh ar sheirbhís ar leith ón údarás áitiúil, is féidir iarraidh ort méid éagsúil sonraí pearsanta airgeadais a sholáthar a bhaineann leat agus le do theaghlach, chun tacú le d’iarratas. Leagfaidh Comhairle Contae Chill Chainnigh an t-eolas amach a theastóidh uainn i sraith foirmeacha iarratais ar leith agus éagsúla a bhaineann le gach seirbhís.  Faoi mar atá i gceist leis na sonraí pearsanta eile a dtugtar cuntas orthu thuas, luafaidh an tseirbhís/an rannóg ar leith laistigh de Chomhairle Contae Chill Chainnigh an gá atá leis na sonraí airgeadais, mar chuid dá bhfógra  príobháideachais ar leith.

 

Beartas Coinneála Taifead

Tá beartas mionsonraithe coinneála taifead ag Comhairle Contae Chill Chainnigh ina gcuirtear níos mó sonraí ar fáil faoin tréimhse a choimeádfaidh Comhairle Contae Chill Chainnigh do shonraí pearsanta agus an méid a dhéanfar leis na sonraí i ndiaidh gur éag an tréimhse choinneála.

Is féidir teacht ar chóip den Bheartas Coinneála Taifead tríd an nasc seo a leanas:https://www.kilkennycoco.ie/eng/Your_Council/Data-Protection/National-Retention-Policy.pdf

Do Chearta

Tá an ceart agat rochtain a iarraidh ar shonraí pearsanta a choimeádtar fút, deimhniú a fháil maidir le cibé acu an ann nó nach ann do shonraí a bhaineann leat, a bheith curtha ar an eolas ar ábhar agus foinse sonraí agus a gcruinneas a sheiceáil. Anuas air sin, má dheimhnítear go bhfuil na sonraí a choimeádaimid míchruinn, tá an ceart agat an úsáid a bhaineann Comhairle Contae Chill Chainnigh as na sonraí pearsanta atá á gcoimeád aici a athrú, a bhaint, a bhlocáil, nó chun cur in aghaidh na húsáide sin. Faoi chúinsí áirithe, d’fhéadfadh moill a bheith ar sheirbhís nó an teacht atá ar sheirbhís a bhaint má dhéantar rochtain ar shonraí a bhlocáil nuair atá na sonraí ag teastáil faoin dlí nó le haghaidh cuspóirí bunriachtanacha a bhaineann le seirbhís a sholáthar duit.

Tabhair faoi deara, le do thoil, chun cabhrú le do phríobháideachas a chosaint, téimid i mbun beart le d’aitheantas a dheimhniú sula ndeonaímid rochtain ar shonraí pearsanta.  Chun na cearta seo a fheidhmiú, ba cheart duit dul i mbun na mbeart seo a leanas:
https://www.kilkennycoco.ie/eng/Your_Council/Data-Protection/Datta-Protection-Access-Request-Form.docx

An Ceart atá agat Gearán a dhéanamh le hOifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí

Mura bhfuil tú sásta leis an toradh a bhíonn ar an bhfreagairt a fhaigheann tú ó Chomhairle Contae Chill Chainnigh maidir le d’iarraidh, tá tú i dteideal gearán a dhéanamh leis gCoimisinéir Cosanta Sonraí, ar féidir leis an cheist a imscrúdú duit. 

Is é láithreán gréasáin an Choimisinéara Cosanta Sonraí www.dataprotection.ie nó is féidir leat teagmháil a dhéanamh lena nOifig:

Uimhir Íosghlao:       1890 252 231

Ríomhphost:              info@dataprotection.ie

Seoladh Poist:           An Coimisinéir Cosanta Sonraí
                                    Teach na Canála
                                    Bóthair an Stáisiúin
                                    Cúl an tSúdaire 
                                    Contae Laoise
                                    R32 AP23
 


 

Fianáin

Is píosaí beaga faisnéise iad fianáin, a stóráiltear i gcomhaid shimplí téacs, a chuireann láithreán gréasáin ar do ríomhaire. Féadfaidh an láithreán gréasáin roinnt fianán a léamh nuair a thugann tú cuairt ar an láithreán arís.  D’fhéadfadh an t-eolas a stóráiltear i bhfianán baint le do ghníomhaíochtaí brabhsála ar an láithreán gréasáin, nó le haitheantóir uathúil ionas gur féidir leis an láithreán gréasáin ‘cuimhneamh’ ort nuair a fhilleann tú arís.  Scriostar fianáin eile nuair a dhúnann tú do bhrabhsálaí agus ní bhaineann siad ach le hoibriú an láithreáin ghréasáin.  Níl eolas pearsanta i gceist le fianáin ar gov.ie ónar féidir thú a shainaithint.

Fianáin ar an láithreán gréasáin seo

Ligeann tromlach na mbrabhsálaithe duit fianáin a mhúchadh nó chun do chuid socruithe a oiriúnú le haghaidh fianán. Chun teacht ar eolas chun seo a dhéanamh, féach an roghchlár ‘Cabhair’ ar do bhrabhsálaí. Tabhair faoi deara, le do thoil, má mhúchann tú fianáin nó mó athraíonn tú do shocruithe, b’fhéidir nach n-oibreoidh roinnt gnéithe den láithreán gréasáin i gceart.
Úsáideann Oifig na nOibreacha Poiblí fianáin chun staitisticí faoi úsáideoirí a bhailiú go hanaithnid agus chun cosaint in aghaidh ionsaí mailíseach.

Anailísíocht Google

Thug Oifig na nOibreacha Poiblí Anailísíocht Google isteach chun cabhrú linn an láithreán gréasáin seo a fheidhmiú. Cabhraíonn an tseirbhís seo linn chun eolas ábhartha a sholáthar i bhformáid atá inrochtana gan stró.

 

Text pending.


 

Copyright 2020, All rights reserved

Privacy Statement

 

 

OPW's National Flood Information Portal - www.Floodinfo.ie