Seoladh 2018
Ar an 3 Bealtaine 2018, d’fhoilsigh an tÁire Stáit a bhfuil freagracht speisialta aige le haghaidh Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) agus Faoiseamh Tuile, Kevin ‘Boxer’ Moran, 29 bPlean um Bhainistiú Riosca Tuile chun dul i ngleic le riosca tuile in Éirinn.
D’fhoilsigh an tAire Moran an suíomh nua seo www.floodinfo.ie chun rochtain a sholáthar ar na Pleananna agus na Mapaí atá forbartha ag an OPW agus ar an bhfaisnéis maidir le bainistiú riosca tuile in Éirinn.
Féach ar PhreasráiteasFéach ar ár mbileog Achoimre
An staidéar is mó riamh ar riosca tuile in Éirinn a chríochnú
In 2012, léirigh an OPW 300 limistéar nó pobal a ceapadh a bheith ar riosca suntasach tuile; is limistéir chósta 90 díobh seo. Tríd an Chlár MBPTA, rinne an OPW an staidéar is mó riamh ar phriacal tuile in Éirinn go dtí seo, agus measúnú mionsonraithe innealtóireachta in gach ceann de na pobail seo. Rinne an staidéar seo measúnú ar 80% de na maoine ar riosca ón phriomhfhoinse tuile in Éirinn agus chuir comhairliúchán poiblí bonn eolais leis seo ag gach staid.
Is iad príomhthorthaí an Chláir MBPTA:
- 40,000 mapa tuile a léiríonn an riosca tuile do gach pobal mar thaca le cinntí pleanála agus freagartha éigeandála.
- 29 bPlean um Bainistiú Riosca Tuile, leis an tír iomlán a chlúdach, leis na bearta molta um fhaoiseamh tuile – bunaithe ar chostais, tairbhí agus toscaí comhshaoil – chun aghaidh a thabhairt ar an priacal tuile in gach pobal agus ar fud na tire.
Ag tógáil ar Infheistíocht go dtí seo
Tá an OPW ag soláthar cláir de scéimeanna faoisimh tuile ó 1995, clár a thugann cosaint do na mílte réadmhaoin. Anois tugtar sna Pleananna imlíne ar 118 scéim nua atá molta chun 11,500 réadmhaoin sa bhreis a chosaint agus tugtar an fhianaise chun tosaíocht infheistíochta an Rialtais feasta a threorú áit a bhfuil an tairbhe is mó le fáil as.
Cé go bhfuil scéimeanna struchtúrtha um fhaoiseamh tuile ar fáil le haghaidh phobail ar leith, tairbhíonn bearta eile mar fhreagairt éigeandála agus treoirlínte pleanála gach maoin atá ar phriacal.
Tá nach mór €1bn geallta ag an Rialtas le haghaidh bearta um fhaoiseamh tuile mar chuid den Phlean Forbartha Náisiúnta 2018-2027.
An tábhacht a bhaineann le Bearta Eile
Cuimsíonn na Pleananna na bearta sin atá molta a fhéadfadh gach maoin faoi riosca a thairbhiú, ar a n-áirítear an réadmhaoin sin nach bhfuil bearta struchtúrtha indéanta iontu ná na pobail sin nár measúnaiodh sa Chlár MBPTA.