Scéimeanna um Dhraenáil Artaireach
Rinne an OPW líon scéimeanna um dhraenáil artaireach faoin Acht um Dhraenáil Artaireach 1945, agus scéimeanna cosanta tuile faoin Acht um Dhraenáil Artaireach (Leasú) 1995. Faoi alt 37 den Acht 1945, tá de dhualgas ar an OPW oibreacha draenála a chothabháil faoi dheisiú ceart agus faoi chóir éifeachtach. Eagraítear an obair seo ar bhonn réigiúnach; tá oifigí réigiúin ag Mungairit, Co. Luimnigh; Áth Cinn, Co. Na Gaillimhe; agus Baile Átha Troim, Co. Na Mí.
Rinneadh Scéimeanna um Dhraenáil Artaireach faoin Acht um Dhraenáil Artaireach 1945 chun talamh a fheabhsú um thalmhaíocht agus chun tuiliú a mhaolú. Athraíodh aibhneacha, locha, cora agus droichid chun sruthlú a éascadh. Tógadh claífoirt chun gluaiseacht uisce tuile a smachtadh agus rinneadh oibreacha éagsúla eile faoi Cuid II den Acht um Dhraenáil Artaireach 1945. Bhi de chuspóir ag na scéimeanna talamh a fheabhsú um thalmhaíocht; chun a chinntiú go gcoinneofaí an tuile trí bliana sa phort, íslíodh na leibhéil uisce le linn an tséasúir fáis chun leathbhá a mhaolú ar an talamh le hais chúrsaí uisce ar a dtugtar talamh calaidh. Méadaíodh ar an gcosaint tuile ins na tailte a tairbhíodh de thoradh na Scéimeanna um Dhraenáil Artaireach.
Ba é An Bhrosnach (An Iarmhí, Uíbh Fhailí agus Laois) an chéad scéim, a thosaigh in 1947. Críochnaíodh na scéimeanna deiridh ins na 1990idí. Clúdaíonn na Scéimeanna um Dhraenáil Artaireach thart faoi 20% den tír, na limistéir is cothromaí go hiondúil. Tá an OPW freagrach as Scéimeanna um Dhraenáil Artaireach a chothabhbáil faoi altanna 37 agus 38 den Acht um Dhraenáil Artaireach 1945. Leasaíodh an tAcht ó am go céile, e.g. chun Rialacháin agus Treoracha AE a thrasú - mar shampla, EIA, SEA, Treoracha um Ghnáthóga agus Coinbhinsiún Aarhus.
Tá tuilleadh eolais maidir leis seo agus faoi Scéimeanna móra um Dhraenáil Artaireach ag an OPW le fáil ar an suíomh gréasáin opw.ie .
Faoi na hAchtanna um Dhraenáil Artaireach 1945 agus 1995, is gá cead roimh ré ón OPW chun cúrsaí uisce, droichid, cora agus claífoirt a thógáil nó a athrú. Is gá na riachtanais dlíthiúla seo chun a chinntiú nach méadaítear an priacal tuile agus nach mbeidh droch-thionchar ar dhraenáil talún mar thoradh ar thionscadail tógála nó athraithe. Tá tuilleadh eolais maidir leis seo agus foirmeacha iarratais le fáil ar suíomh gréasáin opw.ie.
Téigh chuig an amharcóir – Mapa Oibreacha Draenála