English

Maidir Leis an OOP

Bunaíodh Oifig na nOibreacha Poiblí (OOP) (nó "Bord na nOibreacha Poiblí" mar a thugtaí air) in 1831, trí Acht Parlaiminte: Acht um Leathnú agus Cur Chun Cinn na nOibreacha Poiblí in Éirinn.

Roimh an Acht seo, thug an raon eagraíochtaí seo a leanas faoi ról an OOP:

  • Oifig an Ard-Suirbhéara (1670-1763) a bhí i mbun oibreacha an Rí in Éirinn
  • Coimisinéirí agus Maoirseoirí na mBeairicí/ Bhord na mBeairicí agus Bhord na nOibreacha Poiblí (1700-1823) – a riar beairicí an airm ar dtús agus ansin na foirgnimh phobail níos déanaí in Éirinn
  • Coimisinéirí Iasachtaí na nOibreacha Poiblí (1817-1831) – i mbun iasachtaí a riar
  • Stiúrthóirí Loingseoireachta Intíre (1729-1831) – a bunaíodh chun na hoibreacha loingseoireachta a riar in Éirinn, go príomha tógáil na gcanálacha.

Ról an OOP

Ceapadh bord de thriúr Coimisinéirí a bhí neamhspleách óna gcomhchoimisinéirí sa Bhreatain agus freagrach do Choimisinéirí na dTiarnaí don Státchiste.

Chomh maith le maoiniú poiblí a bheith aige, d'fheidhmigh an OOP mar ghníomhaireacht iasachta. Bhí an chumhacht aige iasachtaí a thabhairt chun oibreacha poiblí a bhí ann cheana féin nó a bhí beartaithe a bhunú, a leathnú amach nó a fheabhsú, chomh fada is ar ceapadh go raibh an tionscadal indéanta.

Thar na blianta, tá feidhmeanna an OOP tar éis tionchar a imirt ar ghnéithe éagsúla den saol in Éirinn.

Ag éirí níos tábhachtaí

D'fhás an OOP le linn an Ghorta Mhóir ó 1845-1852, nuair a tugadh an tasc dó le hoibreacha fóirithinte a reáchtáil trí iasachtaí a thabhairt ón státchiste. Ó go déanach sna 1850idí, cuireadh an fhreagracht air chun aire a thabhairt do bheairicí na bpóilíní, na stáisiúin garda cósta, na scoileanna náisiúnta, oifigí an phoist, na foirgnimh custaim, na hollscoileanna ríoga agus tithe na ngealt.

Sna 1850idí agus sna 1860idí thug an OOP faoi scéimeanna ollmhóra draenála atairí ar chóras aibhneacha na Éireann, a d'athraigh an tírdhreach go mór. Chomh maith leis sin thug sé faoi líon mór de choimisiúin shuntasacha phoiblí go déanach san 19ú haois agus go luath san 20ú haois, an tArd-Mhúsaem agus Leabharlann Náisiúnta na hÉireann ina measc. Sna 1980idí agus sna 1990idí bhí sé freagrach as coimisiúin thábhachtacha i mBaile Átha Cliath ar nós forbairt a dhéanamh ar Chaisleán Bhaile Átha Cliath, athchóiriú a dhéanamh ar an Ospidéal Ríoga agus athfhorbairt a dhéanamh ar Fhoirgnimh an Rialtais ar Shráid Mhuirfean.

Tugadh an t-údarás don OPW chun Séadchomharthaí Náisiúnta na hÉireann a chaomhnú faoi reachtaíocht a achtaíodh in 1882 agus 1892. Tá an OPW freagrach as cúram a thabhairt do 780 láithreán oidhreachta in Éirinn, seadchomharthaí náisiúnta, páirceanna, gairdíní agus foirgnimh stairiúla san áireamh.

An Lá Inniu

Sa lá inniu, baineann freagrachtaí an OOP le trí phríomhréimse: Bainistíocht Punann Eastát & Seirbhísí Oidhreachta agus Bainistíocht Riosca i gcás Tuilte.

Cuireann an OOP cóiríocht ar fáil do Sheirbhísí an Rialtais agus déantar cuid mhór de phunann réadmhaoine an Stáit a bhainistiú. Tá sé anois i mbun na gné de Bhainistíocht Sócmhainní Réadmhaoine de Phlean Athchóirithe na Seirbhíse Poiblí Acrobat Logo. Tá an fhreagracht air freisin maidir le cúram a thabhairt do 780 láithreán oidhreachta, séadchomharthaí náisiúnta, páirceanna, gairdíní agus foirgnimh stairiúla san áireamh.

Is é príomhghníomhaireacht innealtóireachta an Rialtais é, a chuireann seirbhís innealtóireachta ar fáil don Bhainistíocht Riosca i gCás Tuilte agus a chuireann feidhmeanna Bainistíochta Punann Eastát den OOP ar fáil freisin do Ranna Rialtais eile.

Bainistíocht an OOP

Tá an OOP ina hOifig Rialtais lárnach agus tá foireann na heagraíochta mar chuid den Státseirbhís.

Tá an tUasal Kevin 'Boxer' Moran, T.D. mar Aire Stáit ag Roinn, Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe freagracht speisialta orm maidir le hOifig na nOibreacha Poiblí agus Faoisimh Tuilte.

Tá eintiteas dleathach Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí comhdhéanta den Chathaoirleach Maurice Buckley, Coimisinéir John McMahon agus Coimisinéir John Sydenham.

Is féidir tuilleadh eolais faoi stair Oifig na nOibreacha Poiblí a fháil ó Leabharlann an OOP nó ó Chartlann Náisiúnta na hÉireann